Is é seo an dara bliain as a chéile a bheidh an fhéile á reáchtáil sa bhaile stairiúil, cultúrtha seo. Tá borradh mór tagtha faoin ngaeloideachas sa bhaile le os cionn tríocha bliain anuas agus bíonn an Ghaeilge an-fheiceálach ann.
Cuireadh tús leis an tsamhail Phan Cheilteach i 1970 agus reáchtáladh an bhliain ina dhiaidh sin i gCill Áirne.
Neartaíonn an fhéile an gaol idir na tíortha Ceilteacha trí cheol, amhránaíocht, damhsa agus spórt ó Albain, An Bhreatain Bheag, An Choirn, Manainn, An Bhriotáin agus Éirinn a chónascadh le chéile.
Tá clár imeachtaí den scoth curtha le chéile le haghaidh féile na bliana seo. Beidh roinnt mhaith ceoil, damhsa, paráidí, comórtais, seoltaí agus imeachtaí cultúrtha eile á reáchtáil ó thús go deireadh na seachtaine.
I measc na mórimeachtaí, beidh príomhchomórtas Amhrán an Phan Cheilteach ina rachaidh ionadaithe ó gach tír Ceilteach san iomaíocht leis an teideal aitheanta a thógáil abhaile leo; beidh paráid ildathach na féile ar Dé hAoine 5 Aibreán ag 3i.n., margadh ‘Blas Ceilteach Cheatharlach’ ar sráideanna an bhaile ar 6 Aibreán agus an Trad Trail Pan Cheilteach – seisiúin éagsúla fud an bhaile ag buaileadh clabhsúr leis an bhféile ar 6 agus 7 Aibreán.
Beidh roinnt mhaith ceardlanna á reáchtáil mar chuid den fhéile chomh maith: ceardlann damhsa ar an sean-nós le Liam Ó Scanláin ar 3 Aibreán, ceardlann teangacha ceilteacha agus ceardlann rince Bhriotánach ar 4 Aibreán agus neart eile!
Déanaigí cinnte páirt a ghlacadh i ngné éigin den fhéile iontach spraoiúil seo.Tá clár iomlán na n-imeachtaí agus tuilleadh ar fáil ar an suíomh gréasáin www.panceltic.ie nó ag eolas@glorcheatharlach.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com 28 Márta 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Na Filí Albanacha ag teacht go luath
Ocht ndán san iomaíocht le haghaidh Chorn an Choirnéil Eoghain Uí Néill 2013
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge