Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Bewley’s @ 6 – Cormac Ó Beaglaoich agus Jack Talty ar stáitse

$
0
0

Beidh neart ceoil an chonsairtín le cloisteáil in amharclann Bewley’s  ar Shráid Grafton ar an Máirt, 30 Aibreán áit a mbeidh na ceoltóirí iomráiteacha Cormac Ó Beaglaoich agus Jack Talty ag dul chun stáitse ar an oíche.

Is minic a bhíonn an bheirt seo ar stáitse le chéile ag féilte éagsúla timpeall na tíre ag féilte ar nós Scoil Cheoil an Earraigh a bhíonn ar siúl i mBaile an Fheirtéaraigh in iarthar Chiarraí.

Ní ón ngaoth ná ón ngrian a thóg Cormac Ó Beaglaoich a chuid ceoil. Go deimhin bhí saibhreas fonnadóireachta agus an cheoil i gcónaí i dteaghlach cáiliúil Uí Bheaglaoich as Baile na bPoc i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Is é Breanndan Ó Beaglaoich, an ceoltóir agus an t-amhránaí aitheanta, athair Chormac.

Is minic a bhíonn Cormac le cloisteáil ag seinm ag ócáidí agus ag feilte éagsúla ar fud na tíre agus thar lear agus anuas air seo bhí an-baint aige le scoth na gceolchoirmeacha dar teideal Tunes in the Church a reáchtáladh anuraidh.

Tá aithne mhaith ar an gCláiríneach Jack Talty as Lios Uí Chathasaigh in iarthar Co. an Chláir mar cheoltóir den scoth. Bhí an-spéis ag Jack i gcónaí sa cheol agus é ag éirí aníos ina bhuachaill óg agus bhí tionchar an-mhór ag laochra móra ceoil eile as Co. an Chláir ar a stíl cheoil, leithéidí Bobby Casey, Willie Clancy agus John Kelly.

Mar is amhlaidh le Cormac ní ón ngaoth a thóg an fear óg seo ceird an cheoil ach an oiread. Ritheann an ceol go smior ina chuislí, is nia é leis an gceoltóir clúiteach Noel Hill agus bíonn gaolta eile leis ag seinm chomh maith. D’fheisigh Jack agus Cormac Ó Beaglaoich dlúthdhiosca dar teideal Na Fir Bolg beagnach dhá bhliain ó shin agus bí cinnte go mbeidh siad ag seinm cúpla port ón albam sin ar an oíche.

Mar a deir Peadar Ó Riada agus é a chur síos ar an mbeirt "Is iontach an rud é nuair a thagann dís nua ceoltóirí le chéile”

Bígí faoi dhraíocht ag ceol den scoth i gCaifé Bewley’s ag deireadh na míosa.

Ionad:
Amharclann Bewley’s
Sráid Grafton
Baile átha Cliath 2

Am: 6:00 pm – 8:00 pm (Doirse ar oscailt ó 5.45 pm )

Cead Isteach: €15 (Blaisíní bia san áireamh!)

Áirithint riachtanach (spás teoranta!): 087-2547574

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 09 Aibreán 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Comórtas: Láithreoir Óg á lorg ag RnaG

Éileamh ar Oideachas Lán-Ghaeilge i mBiorra

Gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais Fógartha

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>