Is leabhar beag álainn do pháistí é ‘Sicín’. Tá scéal iontach ann faoi ghearrcaigh bheaga atá ar tí an nead a thréigean. Tá trí cinn de ghearrcaigh ann ar fad: Mattie, Jenny agus Tiny.
Tarlaíonn na heachtraí sa scéal ar an lá speisialta a bhfuil na héin bheaga chun dul ag eitilt agus an nead a fhágáil don chéad uair ina saol. Is é Tiny laoch an scéil. Ceapann gach aon duine nach bhfuil sé cróga go leor chun dul ag eitilt as a stuaim féin ach cuireann sé an dubh ina gheal orthu go léir.
Rugadh agus tógadh an t-údar Máiréad Mag Uidhir i Luimneach. Chaith sí a saol ag múineadh ina cathair dhúchais, ag teagasc leanaí le riachtanais speisialta i Scoil Naomh Iosaf i Lios na Groí ar dtús agus ina dhiaidh sin ar feadh tríocha bliain i Scoil Íde, Corrbhaile.
Is laochscéal beag deas é seo do pháistí san aoisghrúpa 4 – 8. Is scéal simplí, greannmhar dea-scríofa é faoi conas is féidir snámh in aghaidh an tsrutha agus tá ceacht tábhachtach le foghlaim ann: is féidir le gach duine a bheith ina laoch sa saol má tá sé/sí cróga go leor.
Tá an leabhar maisithe go hálainn le léaráidí deasa, daite ag Mary agus Emma Gilleece. Bheadh an leabhar seo an-oiriúnach sa rang do pháistí bunscoile san aoisghrúpa 4 – 8.
Ceist na seachtaine seo:
Ainmnigh údar an leabhar ‘Sicín’?
• Éilís Ni Dhuibhne
• Máiréad Mag Uidhir
• Mairéad Ní Ghráda
• Siobhán Uí Luachra
Seol freagraí chuig duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 16 Aibreán 2013 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
© Foilsithe ar Gaelport.com 09 Aibreán 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Bewley’s @ 6 – Cormac Ó Beaglaoich agus Jack Talty ar stáitse
Comórtas: Láithreoir Óg á lorg ag RnaG
As na Nuachtáin: County fleadh reaches the heart and ceol of the Gaeltacht
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge