Cuireadh tús leis an ngné seo den chomórtas náisiúnta sa bhliain 2006 ar mhaithe le hardán a thabhairt do shárobair na gcumann mac léinn a chuireann an Ghaeilge chun cinn in Institiúidí éagsúla ar fud na tíre.
Déantar moltóireacht ar na cumainn maidir leis na gnéithe a leanas: an chaoi a n-éiríonn leis an gcumann timpeallacht na hinstitiúide a Ghaelú; an comhoibriú idir an cumann agus údarás na hinstitiúide agus na deiseanna labhartha a chruthaítear do mhic léinn agus d'fhoireann na hinstitiúide.
Bronnfar duais €2,000 ar an gcumann sa chéad áit, €1,500 ar an dara háit agus €1,000 ar an tríú háit. Bíonn Duais Trasteorann de luach €1,000, Duais Athmhuintearas de luach €1,000, duais do chumainn le níos lú ná 200 ball de luach €1,00 agus duais don iontráil nua is fearr i gceist chomh maith.
Is é seo gearrliosta Tríú Leibhéal Ghlór na nGael 2013:
An Cumann Sóisialta Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
An Chuallacht UCC
Cuallacht Na Gaeilge Má Nuad
An Cumann Gaelach UCD
An Cumann Gaelach, QUB
Cumann Gaelach DIT
An Cumann Gaelach, TCD
Beidh Bronnadh Ghlór na nGael ar siúl ar 20 Aibreán in Ostán Chaisleáin Chluain Tarbh.
© Foilsithe ar Gaelport.com 11 Aibreán 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Comórtas Díospóireachta do mhic léinn mar chuid d’Ard Fheis Shinn Féin
Seimineár fostaíochta le Gaeilge i UCD
Níl gealltanais Chomhaontú Aoine an Chéasta á gcomhlíonadh
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge