Déanfaidh an pearsa teilifíse aitheanta, Bláthnaid Ní Chofaigh moltóireacht ar chomórtas ‘Cailín Gaelach’ na Gaeil Óga anocht i gClub Chonradh na Gaeilge.
Taispeánfaidh cailíní ildánacha de chuid fhoireann baineann Na Gaeil Óga CLG a gcuid tallainne ar an ardán agus iad ag dul san iomaíocht le haghaidh teideal ‘An Cailín Gaelach’.
"Ná bac le Miss Universe, The Lovely Girls' Competition ná Rós Thrá Lí na bliana seo - beidh ardchaighdeán tallainne agus plúr na mban á léiriú ag Comórtas an Chailín Ghaelaigh 2013 chun an t-ionadaí is fearr a sheoladh thar cheann Na Gaeil Óga CLG chuig Comórtas Peile na Gaeltachta 2013 ar an Rinn an samhradh seo!", a dúirt Síne Nic an Ailí ball de Choiste Siamsaíochta NGÓ.
In éindí le Bláthnaid beidh an traenálaí Marcas Ó Loinneacháin ina ionadaí ó Fhoireann na bhFear ar an bpainéal moltóireachta; Emma Nic Lochlainn, Cailín Gaelach Na Gaeil Óga CLG 2012; agus Cóilín Ó Cearbhaill, Cathaoirleach Chlub Chonradh na Gaeilge, urraitheoir Na Gaeil Óga.
Beidh ceol breá le cloisteáil ón mbanna Na Taoisigh ag an mbriseadh leath-ama chomh maith le hamhránaíocht ar an sean-nós ó na deartháireacha Aodán agus Irial Ó Ceallaigh ón Rinn, Co. Phort Láirge.
Tosóidh an tsiamsaíocht ag 7.30 i.n. anocht ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 agus níl ach costas €5 ar an doras.
© Foilsithe ar Gaelport.com 12 Aibreán 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Gearrliosta Chomórtas Tríú Leibhéal Ghlór na nGael fógartha
An Taispeántas ‘Pictiúr’ ar camchuairt
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge