Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Scoláireachtaí Gaeltachta le Daltaí na Gaeilge

$
0
0
Tá trí scoláireacht le bronnadh ag Daltaí na Gaeilge ar mhic léinn agus ar mhúinteoirí Gaeilge taobh amuigh d’Éirinn chun freastal ar chúrsaí Gaeltachta an samhradh seo.

Beidh dhá scoláireacht mhéadaithe i gceist i mbliana ar luach €2,000 ag clúdach tréimhse ar chúrsa sa Ghaeltacht. Beidh scoláireacht le bronnadh ar mhúinteoir agus ar mhac léinn ag íoc táillí an chúrsa, lóistín agus costais eile.

Beidh deis ag an múinteoir a bhaineann an scoláireacht amach freastail ar an gcúrsa de chuid Oideas Gael i nGleann Cholm Cille darbh ainm "Oiliúint ar Mhúinteoirí". Gheobhaidh an múinteoir lóistín, béilí agus táille ar an gcúrsa sin saor in aisce chomh maith.

Bronnfar an tríú scoláireacht ar mhac léinn nó múinteoir le freastal ar ‘An tSeachtain Ghaeilge’ in Esopus, Nua-Eabhrac ag deireadh an tSamhraidh. Faigheann an té seo lóistín, béilí agus táille saor in aisce don tseachtain iomlán.

Má bhíonn an-chuid ar bun agat i rith na bliana ar son na Gaeilge agus má tá tréan-iarracht á dhéanamh agat an Ghaeilge a fhoghlaim ní mór iarratas a chur isteach. Tá foirmeacha iarratais ar fáil anseo agus le haghaidh tuilleadh eolais is féidir ríomhphost a chur chuig daltai1@daltai.com.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 19 Aibreán 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Nuala Ní Dhomhnaill ag léamh filíochta i gCorcaigh

Scéim Teanga úr d'OÉ Gaillimh

As na Nuachtáin: Streets are alive with the sound of music

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>