Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillí

$
0
0

Bronnfar na duaiseanna filíochta Gaeilge / Gáidhlige is mó ar domhan, ag Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillín a bheas ar siúl ó 3 - 5 Bealtaine  2013.

Tá Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillí ar siúl anois le cúig bliana déag. Ar an gcéad deireadh seachtaine i mí Bhealtaine a eagraítear an fhéile i mBéal na mBuillí nó Strokestown, Co. Ros Comáin, baile beag a sholáthraíonn ardán idirnáisiúnta don fhilíocht is airde caighdeáin i mBéarla, i nGaeilge agus i nGàidhlig. Bíonn idir fhilí aitheanta agus guthanna nua le clos thar an trí lá, tráth a mbíonn scór léitheoireachtaí ar siúl, féasta filíochta ó mhaidin go hard-tráthnóna.

Bronnfar Duais Cholmcille 2013, urraithe ag Colmcille, an clár comhpháirtíochta idir Foras na Gaeilge agus Bord Gàidhlig na hAlban, ar an Domhnach, 5 Bealtaine i dTeach na Páirce, Béal na mBuillí, Co. Ros Comáin.

Tá triúr filí Gáidhlige agus triúr filí Gaeilge ainmnithe ar ghearrliosta na bliana seo curtha le chéile ag an moltóir Caoimhín Mac Giolla Léith.

Na filí agus a ndánta ainmnithe ar ghearrliosta 2013:

  • Maoilios Caimbeul, An t-Eilean Sgitheanach, Albain: 'Samhla agus Mothachadh.' 
  • Peter Mackay, Dún Éideann, Albain: 'An Tubaist.' 
  • Lewis MacKinnon, Nova Scotia, Ceanada: ‘Làmhan a Chaidh a Bheantainn.’
  • Greagoir Ó Dúill, Baile Átha Cliath, Éire: 'Boeing 737.'
  • Peadar Ó hUallaigh, Corca Dhuibhne, Ciarraí, Éire: 'Banphrionsa.'
  • Gabriel Rosenstock, Baile Átha Cliath, Éire: ‘Lannaigh faoi Dhroichead Uí Chonaill.'

Bronnfar na duaiseanna de €2,000, €1,500 agus €1,000 don chéad, don dara, agus don tríú dán i nGaeilge nó i nGáidhlig i dTeach na Páirce ag 4.00pm ar 5 Bealtaine.

Tuilleadh eolais: http:/strokestownpoetry.org.

©Foilsithe ar Gaelport.com 19 Aibreán 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Ocht ndán san iomaíocht le haghaidh Chorn an Choirnéil Eoghain Uí Néill 2013

Nuala Ní Dhomhnaill ag léamh filíochta i gCorcaigh

Sétanta ar stáitse arís 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>