Ag 8:00pm ag ócáid mhór i nGaeláras Mhic Ardghail ar Shráid an tSéipéil in Iúir Chinn Trá ar Déardaoin, 2 Bealtaine seolfaidh an Dr Fionntán de Brún an cnuasach gearrscéalta, Anam na Teanga, atá in eagar ag Seán Mac Labhraí agus ta míle failte roimh an bpobal chuig an ócáid seo.
Géarscagadh ar roinnt gearrscéalta atá anseo. ‘Is í an litríocht anam na teanga,’ a scríobh Seosamh Mac Grianna, agus sa leabhar seo tá dhá cheann déag de na gearrscéalta is anamúla agus is bíogúla dár scríobhadh sa Ghaeilge riamh.
Meascán den sean agus den nua, den traidisiún agus den nuálaíocht, den chumas, den chruthaitheacht atá sa chnuasach seo a chuirfidh iontas ar dhaoine, a spreagfaidh caint ina measc agus, b’fhéidir, a tharraingeoidh raic eatarthu.
Bheadh an leabhar seo feiliúnach do dhuine ar bith a bhí ag iarraidh feabhas a chur ar a gcumas léirmheastóireachta, mic léinn dara agus tríú leibhéal agus duine ar bith atá ag iarraidh blaiseadh a fháil ar na gearrscéalta is fearr i nGaeilge.
Ceist na seachtaine seo:
Cén comhlacht foilseacháin a d’fhoilsigh an leabhar ” Anam na Teanga’
• An Gúm
• Cló Iar-Chonnacht
• Cló Mhaigh Eo
• Coiscéim
Seol freagraí chuig duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, Dé Céadaoin, 01 Bealtaine 2013 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Comhghairdeas le Deirdre Ní Chaomhánaigh as Baile Átha Cliath a bhuaigh duais an eagráin seo caite. Táimid fíorbhuíoch de Cló Iar-Chonnacht a bhronn na duaiseanna iontacha seo orainn.
© Foilsithe ar Gaelport.com 23 Aibreán 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
An Galleon ainmnithe mar bhuaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2013
Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillí
Scoláireachtaí Gaeltachta le Daltaí na Gaeilge
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge