Ag an deireadh seachtaine déanfar ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Sheosamh Ó hÉanaí agus ar a chuid amhrán agus ar an stíl áirithe a bhí aige ag é ag gabháil foinn. Bhásaigh Seosamh Ó hÉanaí nó Joe Éinniú mar ab fhearr aithne air in Seattle, i Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1984.
Meastar gurbh é Joe Éinniú, a rugadh san Aird Thoir i gCarna i 1919, an fonnadóir sean-nóis ab fhearr le linn a linne féin. Bhí an-mheas aige i gcónaí ar an Ghaeilge ar a dhúchais agus ar an sean-nós go dtí go bhfuair sé bás.
Bíonn neart imeachtaí éagsúla ar siúl i gceantar Charna ag an deireadh seachtaine agus bíonn scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe bailithe ar an gceantar Gaeltachta seo le linn na féile. Bíonn neart sean-nóis, damhsa ar an sean-nós, céilithe, ceardlann, agus comórtas éagsúil do pháistí ar siúl chomh maith.
Ar an Satharn 4 Bealtaine beidh ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós á reáchtáil in Áras Shorcha Ní Ghuairim faoi stiúir an amhránaí iomráitigh Gearóidín Bhreathnach as Gaoth Dobhair, bean a bhuaigh Corn Uí Riada sa bhliain 2004. Agus beidh an damhsóir aitheanta as Ros Muc Róisín Ní Mhainín agus an damhsóir Proinsias Ó hIarnáin duine de chlann cheolmhar Uí Iarnáin as Roisín na Mainiach i gCarna i bhfeighil ceardlann damhsa ar an sean nós.
Is i dteach Tábhairne Tigh Mhóráin imbaile Charna a bheidh mórsheisiún Amhranaíochta na Féile idir trí agus sé a chlog le fonnadóirí áitiula agus aíonna eile i lathair.
Níos déanaí san oíche beidh Ceolchoirm mhór na Féile ar siúl i Scoil Phobail Mhic Dara ag 7.30pm agus tá ticéid €20 ar díol roimh ré – lascaine do theaghlach.
I measc na n-aíonna beidh Ailean Domhnallach, Mairí Smith, an t-amhránaí Albanach Calum Mac Millan, Breandán Ó Ceannabháin, Caoimhín Ó Raghallaigh, Danny O’Mahony & Banna Ceoil Shannonvale, Gearóidín Bhreathnach, Mick & Aoife O’Brien, Neillidh & Caoimhe Ó Maolagáin, na fidléirí Liz agus Yvonne Kane, Toner Quinn, Johnny Ringo McDonagh, Nathan Pilatzke, Neansaí Ní Choisdealbha, An Óige: Conal Ó Flatharta, Cormac Ó Briain, Proinsias agus Breandán Ó hIarnáin, Labhrás Ó hIarnáin, Jason Mac Aonghusa, Máire Éinniú.
Beidh Seisiún Oscailte in Óstán Chuan Charna mar aon le neart ceoil, damhsa agus amhrán i dteach tábhairne Tigh Mheaic le Don Stiff & Na hIarnáin: Marcus, Proinsias, Breandán agus Labhrás.
Ar an Domhach 5 Bealtaine cuirfear tús leis an lá le hAifreann na Féile i Séipeal Mhuire agus craolfar an t-aifreann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 11:30am agus tar éis an Aifrinn tabharfar cuairt ar uaigh Joe Éinniú i reilig Mhaírois agus beidh bus ag fágáil ó gheata an tséipéil tar éis an aifrinn.
Tar éis meán lae beidh seisiún ceoil, amhránaíochta & damhsa Tigh Mhóráin ar siúl. Anuas air seo beidh comórtas amhranaíochta na nÓg in Áras Shorcha Ní Ghuairim d’aoisghrúpaí: faoi 9, 12, 15, 18. Bronnfar freisin Corn Chuimhneachain Joe Éinniú - Faoi 15.
Níos deanaí sa tráthnóna i dTigh Mheaic beidh taispeántas ceoil agus amhranaíochta ó Albain le hAilean Domhnallach, Calum Mac Millan & Mairí Smithi i gcuideacha aíonna amhail Néillidh Ó Maolagáin, Gearóidín Bhreathnach agus an t-amhranaí áitiúil Bríd Ní Mhaoilchiaráin a bhuaigh Corn Uí Riada sa bhliain 2002.
Tá tuilleadh eolais maidir le himeachtaí le fáil ach glaoch ar Mhicheál Ó Cuaig: 095-33599 / 086-3778055 nó seol ríomhphost chuig: michealocuaig@hotmail.com.
© Foilsithe ar Gaelport.com 23 Aibreán 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
An Galleon ainmnithe mar bhuaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2013
Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillí
As na Nuachtáin: International Dancer Irene Cunningham to teach Sean-Nós in Carlow
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge