Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill crochta ag Philip Cummings

$
0
0
Bhí scoth an cheoil agus na filíochta le cloisteáil in ionad Cois Teallaigh Dé hAoine seo caite, 19 Aibreán, nuair a bronnadh Corn an Choirnéil Eoghain Uí Néill ar Philip Cummings as Béal Feirste.

Tá an comórtas dátheangach seo á reáchtáil den séú bliain as a chéile ó bhí 2008 ann agus is ócáid lárnach é le linn an mhalartaithe chultúrtha is seanbhunaithe idir Éirinn agus Albain, Turas na bhFilí.

Bhuaigh Cummings duais €500 agus Corn an Choirnéil Eoghain Uí Néill leis an dán Connla.

Ba é mac an fhile féin a bhí mar inspioráid aige don dán agus baineann an t-ábhar leis an ngrá dobhriste a mhaireann eatarthu.

Dúirt an file ar an oíche “Agus mé ag smaoineamh ar an gcaidreamh idir athair agus mac, in amanna ní deirtear a lán focal, ach tá caidreamh agus cumarsáid ag dul ar aghaidh cibé ar bith”. Is féidir breathnú ar an agallamh iomlán trí ghliogáil ar an bhfíseán thíos:



 

Chuir 26 file isteach ar an gcomórtas san iomlán agus ní raibh ach 8 ndán le roghnú as 54. Is iad Marcas Mac an Tuairneir, Daibhidh Eyre, Anna Ní Chathluain, Paddy Bushe, Caitríona Ní Mhurchú, Maoilios Caimbeul agus Máire Wren a ainmníodh ar an ngearrliosta agus bhí ardchaighdeán filíochta le cloisteáil uathu uile ar an oíche.

Ba iad Gabriel Rosenstock agus Meg Bateman a bhí mar mholtóirí ar an gcomórtas agus cé go raibh cinneadh deacair le déanamh acu, bhí an bheirt ar aon intinn maidir leis an mbuaiteoir.

Bhí an lucht féachana curtha faoi gheasa ag amhráin, ceol agus filíocht na nAlbanach a bhí mar aíonna ar an oíche, na filí Gillebrìde Mac Ille Mhaoil agus Meg Bateman, an fidléir Allan Henderson agus an t-amhránaí Sineag Nic an t-Saoir.

D’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Turas na bhFílí Albanacha i gcomhar le Fèisean nan Gàidheal an tseachtain seo caite agus mar chuid de Thuras na bliana seo thug na filí Albanacha aghaidh ar Cheantar Iorrais agus ar Oileán Acla i gCo. Mhaigh Eo agus chríochnaigh an Turas i mBaile Átha Cliath.

Dúirt Brígíd Ní Ghríofa, Feidhmeannach Forbartha Corparáidí le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge:

“An buaicphointe is mó a d'eascair ó Thuras na bliana seo ná an léargas iontach a fuair na cuairteoirí ar chultúr ceantair thuaithe in iarthar Mhaigh Eo agus iad ar cuairt chuig na scoileanna i gCeathrú Thaidhg, i gceantar Dhumha Thuama agus Gaoth Sáile. Ba léir na cosúlachtaí móra agus an gaol atá idir an Ghaeilge agus Gàidhlig na hAlban, bhí ionadh an domhain ar na daltaí scoile a thabhairt faoi deara go bhfuil teanga cheilteach eile cosúil leis an nGaeilge amuigh ansin.”

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 23 Aibreán 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Súil siar ar Thuras na bhFilí 2013

Féile Chomórtha Joe Éinniú i gCarna

Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillí

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>