Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Duaiseanna Ghlór na nGael 2013 bronnta

$
0
0

Bronnadh Duais Náisiúnta Ghlór na nGael 2013 ar Choiste Forbartha Dobhair, Dún na nGall ag an deireadh seachtaine.

Bhailigh grúpaí agus coistí Gaeilge ó cheann ceann na tíre agus thar lear, in Óstán Chaisleán Chluain Tarbh i mBaile Átha Cliath ar an Satharn lena gcuid éachtaí i dtaobh chaomhnú agus chur chun cinn na Gaeilge ina gceantair a cheiliúradh.

Rinne an tAire Stáit Dinny McGinley comhghairdeas leis na grúpaí uilig agus é ag bronnadh níos mó ná €145,000 i nduaiseanna ar choistí pobail, coistí scoile agus ollscoile agus ar choistí ó Alba agus Stáit Aontaithe Meiriceá.

Bronnadh €40,000 agus Trófaí Ghlór an nGael ar Choiste Forbartha Dobhair a bhí i rannóg na gcoistí a bhfuil duine fostaithe leo, agus thóg Cumann Gaelach Leath Chathail Duais mhór na rannóige Coistí gan cúnamh fostaíocht, agus seic do €8,000.

Ba iad Ionad Uíbh Eachach i mBéal Feirste a bhuaigh Duais an Fháinne, urraithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, i mbliana.

Liosta iomlán na mbuaiteoirí:

Coistí le cúnamh fostaíochta, €40,000 urraithe ag Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta & Trófaí Náisiúnta Ghlór na nGael, urraithe ag Foras na Gaeilge
Coiste Forbartha Dhobhar & Bonn Óir

Gaeltacht; urraithe ag Údarás na Gaeltachta
Coiste Pobail na Tulaigh & Bonn Óir (Gaillimh) €3,000

Iar Ghaeltacht
Áit Cumann Gaelach Leath Chathail & Bonn Óir €8,000 (Co. an Dúin)

Duais Chumann na Sagart; €1,000
Glór na nGael Gort a’Choirce (Dún na nGall)

Duais Chonradh na Gaeilge; €1,000
An Clár as Gaeilge (Co an Chláir)

Duais Chonradh na Gaeilge; €1,000
Glór Cheatharlach (Ceatharlach)

Duais Cholmcille - €1,500
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair(Dún na nGall)

Duais Cholmcille - €1,500
Glór Cheatharlach (Ceatharlach)

Duais an Fháinne, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, €1,000
Ionad Uíbh Eachach (Béal Feirste)

Duais Chomhluadar €1,00 & Duais Ógras €700
Coiste Forbartha Charn Tóchair (Co. Doire)

Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta, £1,500
Boirche Íochtar (Co. an Dúin)

Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall, €1,500
Coiste Seán Bán Mhic Meanman (Dún na nGall)

Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe, €1,500
Maigh Cuilinn (Gaillimh)

Duais Chló Iar Chonnachta, & Dearbhán €1,000
Maigh Cuilinn (Gaillimh)

Duais Údarás Craolacháin na hÉireann, €1,500
Stáisiún Tráchtála: Clare FM (An Clár)

Duais Údarás Craolacháin na hÉireann, €1,500
Stáisiún Pobail: Near FM (Baile Átha Cliath)

Duais an Iontaobhas Ultach £1,400
Céim Aniar (Dún na nGall)

Duais an Iontaobhas Ultach £1,400
An Droichead (Béal Feirste)

Duais na Comhairle Oidhreachta, €1,500
Comharchumann na nOileán Beag, Ancaire (Dún na nGall)

Duais an Fhoras Pátrúnachta €1,000
Craobh na Bóinne (Co Lú)

Gradam Ghlór na nGael
Raidió na Gaeltachta

Comórtas G! (Scoileanna iarbhunscoile) Urraithe ag An Spailpín Fánach & COGG; €2,000
Club Ailigh G, Coláiste Ailigh Leitir Ceanainn

Comórtas 3ú Leibhéal; An Roinn Oideachais & Eolaíochta; €2,000:
An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide, BÁC

Duais Trasteorann, €1,000:
An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Duais Athmhuintearais, €1,000:
An Cumann Gaelach, Ollscoil na mBanríona

Global Gaeilge; An Roinn Gnóthaí Eachtracha
1ú Áit €5,000: Conradh na Gaeilge, Glaschú, Alba

©Foilsithe ar Gaelport.com 26 Aibreán 2013

Seans go mbeidh spéís agat sna scéalta a leanas:

Scoláireachtaí Gaeltachta le Daltaí na Gaeilge

Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill crochta ag Philip Cummings

Spriocdhátaí Chomórtais Bhliain na Gaeilge ag druidim

Lean an scéal soe agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945