Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Traenáil Chosaint Leanaí do Stiúrthóirí Naíonraí Úra

$
0
0
Cuirfidh Forbairt Naíonraí Teoranta traenáil ‘Tús Áite do Leanaí’ ar fáil do stiúrthóirí Naíonra úra ar 24 agus 25 Bealtaine.

Tá sé fíorthábhachtach sa lá atá inniu ann go bhfuil oiliúnt i dtaobh cosaint leanaí curtha ar gach ball foirne sa naíonra. Tá cosaint leanaí luaite mar thosaíocht ag An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige i mbliana agus beidh FNT, i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE), ag cur tacaíocht ar fáil do naíonraí timpeall na tíre tríd an traenáil seo a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Tabharfar tús áite do stiúrthóirí nua (nach bhfuil traenáil ar bith faighte acu go dtí seo maidir le cosaint leanaí) ar an gcúrsa áirithe seo a bheidh ar siúl ar an Aoine agus ar an Satharn, 24/25 Bealtaine i Halla Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, BÁC 2.

Beidh an dá sheisiún á reáchtáil idir 2 i.n. - 5i.n. ar an Aoine agus 9 r.n. – 4 i.n. ar an Satharn (Lón 1-2i.n.). Is é Pádraig Ó Ceallaigh a bheidh mar theagascóir agus ní ghearrfar costas ar bith ar na rannpháirtithe.

Is féidir clárú don traenáil ar líne tríd an nasc seo agus is é 16 Bealtaine an spriocdháta.

Beidh deis ag gach naíonra amach anseo traenáil cosaint leanaí a bhaint amach leis an gcur chuige nua maidir le traenáil cosaint leanaí a bheidh ag dul i bhfeidhm i dtreo deireadh na bliana seo.

 

©Foilsithe ar Gaelport.com 26 Aibreán 2013

Seans go mbeidh spéís agat sna scéalta a leanas:

Spriocdhátaí Chomórtais Bhliain na Gaeilge ag druidim

Folúntais: Cúntóir Naíscoile

Éileamh ar Oideachas Lán-Ghaeilge i mBiorra

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>