Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Féile Scríbhneoireachta Lios Tuathail 2013

$
0
0
Beidh Féile Scríbhneoireachta Lios Tuathail ar siúl i gCiarraí ón 29 Bealtaine – 2 Meitheamh 2013.

Tá an fhéile idirnáisiúnta seo ar an bhfód ó 1971 agus tá sé ar ceann de na príomhfhéilte litríochta sa tír agus é ag dul ó neart go neart le blianta anuas. An aidhm is mó ata ag an bhfhéile ná go mbíonn scríbhneoirí aitheanta ábalta treoir a thabhairt do scríbhneoirí óga agus iad ag eirí aníos.

Beidh neart ceardlann scríbhneoireachta ar siúl agus beidh siad á dteagasc ag scoth na scríbhneoirí sa tír. Anuas air seo beidh imeachtaí do phaistí á reáchtáil mar aon le taispeántas scannán, siúlóidí agus neart eile.

Ar an Satharn, 1 Meitheamh beidh oíche mhór léamh filíochta á reáchtáil at 7:30pm sa Listowel Arms in ómós don fhile iomráiteach Maire Mac An tSaoi agus ar an oíche déanfar ceiliúradh ar shaothar Mháire.

Beidh an na file aitheanta Louis DePaor, Stiúrthóir Léann Éireannach, Ollscoil na Gaillimhe mar láithreoir ar an oíche seo agus beidh Biddy Jenkinson agus an file Eiléan Ní Chuilleanáin mar aíonna speisialta. Tá filíocht Mháire Mhac an tSaoi fréamhaithe i dtraidisiún dúchais na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Is í an chéad fhile tréitheach in Éirinn a chuir saol agus nádúr na mban i gceartlár na filíochta, a thug dúshlán na luachanna morálta a bhí á gcur i bhfeidhm ag an eaglais agus ag an bpobal i gcoitinne nuair a tháinig sí féin in inmhe i lár an chéid seo caite.

Ar an Domhnach, 2 Meitheamh beidh an taispeántas Non, Je Ne Regrette Rien ar siúl.

Seo taispeántas den scoth a bhí ar stáitse le linn Fhéile IMRAM i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2011.

Duine d’amhránaithe móra na Fraince ab ea Edith Piaf, an Gealbhan Beag mar a thugtaí uirthi. I measc na móramhrán uaithi bhí ‘La Vie en Rose’ agus ‘Non, je ne regrette rien.’ Beilgeach ab ea Jacques Brel a chum agus a chan amhráin a bhí fileata agus drámata araon. Liam Ó Muirthile a chuir Gaeilge bhinn ar na liricí.

Canfaidh Hilary Bow agus an t-amhránaí aitheanta Doimnic Mac Giolla Bhríde a bhain Corn Uí Riada amach sa bhliain 2009 agus á dtionlacan tá Peter Roycroft, Geoff Kirk agus Neville Lloyd. Léann an Muirthileach leaganacha nua Gaeilge de dhánta le Jacques Prévert. Cuireann Margaret Lonergan go mór leis na híomhánna breátha a theilgtear ar scáileán.

Mar chuid d’imeachtaí na féile beidh seoladh leabhair, taispeántas ealaíne, sárthaispeántas, comórtais scéalaíochta chomh maith le léamh filíocht.

Tá liosta de na himeachtaí ar fad ar fáil ar: www.writersweek.ie.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 7 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéís agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Ag earcú scríbhneóirí na Gaeilge..tras-domhanda

Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill crochta ag Philip Cummings

Súil siar ar Thuras na bhFilí 2013

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>