Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An dlúthdhiosca úr ‘Teanga na nGael’ le buachan

$
0
0
An tseachtain seo beimid ag tabhairt deis iontach do dhuine cóip den dlúthdhiosca gleoite ‘Teanga na nGael’ a bhuachan.

Is amhránaí úr í Gráinne Holland ó iarthar Bhéal Feirste ar chiorcad an cheoil thraidisiúnta agus tá cumhacht ghutha aici atá láidir agus álainn san am céanna. Tá meascán iontach d’amhráin Ghaeilge, Ghaeilge na Alban agus Mhanainnise ar an albam nua seo.

Ina measc tá amhráin amhail An tSeanbhean Bhocht, Báta an tSíl seo amhrán as Oileán Bharraigh na hAlban, A Mhuire ‘s a Rí agus amhrán eile atá coitianta i Rann na Feirste Iníon an Bhaoilligh mar aon le go leor eile.

Bhí suim as cuimse aici sa cheol Gaelach ó aois a hóige i leith. Tógadh go dátheangach i mBéarla agus i nGaeilge í agus chuaigh sí ar an chéad bhunscoil Ghaeilge sa chathair ba anseo a céadchothaíodh an spéis atá aici sa cheol Gaelach.

Agus clú uirthi mar amhránaí i mBéal Feirste, d’iarr Féile an Phobail ar Ghráinne casadh ag an cheolchoirm bhliantúil iomráiteach i Mainistir Chluain Ard dhá bhliain ó shin. Agus ó shin i leith tá ag eirí go hiontach léi i saol an cheoil.

Chan Gráinne ag na hionaid cheoil is fearr sa tír mar cheoltóir taca ag macasamhail Frances Black, Damien Dempsey, Peter Corry agus The London Gospel Choir. Tá glór sainiúil, milis, mórthaibhseach aici, rud a fhágann go bhfuil máistreacht aici ar shuantraí agus ar gheantraí araon.

Bhí Gráinne ar stáitse le linn na féile móire Celtic Connections i nGlaschú anuraidh. Anuas air seo fuair sí an deis taisteal chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi dhó agus chan ag ócáidí móra ar nós an Milwaukee Irish Festival.

Ceist na seachtaine seo:

Cé as don amhránaí Gráinne Holland ?

• An Ómaigh

• Béal Feirste

• Dún Geanainn

• An tIúr

Seol freagraí chuig duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, Dé Céadaoin, 15 Bealtaine 2013 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Comhghairdeas le Marcas de Faoite i Sydney na hAstráile agus Evelyn Stevens as Cor an Dola i gContae na Gaillimhe a bhuaigh cóip den leabhar ‘Anam na Teanga’ a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht san eagrán seo caite.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 7 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéís agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Ag earcú scríbhneóirí na Gaeilge..tras-domhanda

As na Nuachtáin: Why does trad play second fiddle at home?

Éachtaí móra bainte amach ag craoltóirí na hÉireann ag Féile na Meán Ceilteach

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>