Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Steeple Sessions ar ais san Ardchathair

$
0
0
Arís i mbliana beidh sraith siamsaíochta den scoth ar siúl i gceartlár Bhaile Átha Cliath an samhradh seo.

Beidh an pobal faoi dhraíocht in Eaglais Úinitéireach ar Fhaiche Stiabhna le sraith de Steeple Sessions gach oíche Mháirt agus Déardaoin le linn an tsamhraidh. Cuirfear tús leis na ceolchoirmeacha an mhí seo chugainn go dtí an 22 Lúnasa agus mairfidh gach ceolchoirm ar feadh uair go leath.

Cuirfear tús leis an chéad cheolchoirm ar 11 Meitheamh 2013 nuair a bheidh an fidléir iomráiteach Martin Hayes as Co. an Chláir ar stáitse. Beidh ceolchoirmeacha den scoth le ceoltóirí, damhsóirí agus amhránaithe cumasacha ag dul chun stáitse gach seachtain.

Beidh scoth na gceoltóirí ag dul chun stáitse - ina measc beidh an píobaire aitheanta Mick O’Brien agus a chomhluadar as Baile Átha Cliath mar aon leis na deirfiúracha Liz agus Yvonne Kane as Leitir Fraic i dTuaisceart Chonamara ar an bhfidil.

Ar stáitse freisin beidh na ceoltóirí clúiteacha an boscadóir Danny O'Mahony, Mícheál Ó Raghallaigh ar an gconsairtín, an cruitire cumasach Cormac De Barra agus an t-amhránaí ón mbanna aitheanta Clannad, Máire Ní Bhraonáin, Mick Conneely agus Dave Munnelly, Mick McAuley, Winnie Horan & Colm O’Caoimh, Siobhán Armstrong, Jackie Daly, Matt Cranitch, Triona Marshall, Alyth McCormack, John Carty agus a chairde, We Banjo 3, Cathy Jordan, Mick, Michelle Mulcahy, Alasdair Fraser & Natalie Haas , Lumiere, na hamhránaithe Éilís Kennedy agus Pauline Scanlon beirt amhránaithe eisceachtúla ón Daingean, Contae Chiarraí, a bhfuil dhá ghuth shoiléire ar leith agus fuaim uathúil amháin acu mar aon le scoth na gceoltóirí eile.

Anuas ar na ceolchoirmeacha beidh deis iontach ag an bpobal rang a bheith acu i gcuideachta na n-aíonna más mian leo. Beidh máistir-ranganna á reachtail i rith an lae roimh na ceolchoimeacha. Tá lion na n-áiteanna teoranta agus dá bharr sin ní fólair áit a chuir in áirithe roimh ré.

Beidh ranganna Gaeilge á reáchtáil freisin ar 20 meitheamh, 10 Iúil agus 14 Lúnasa dóibh siúd a mbeadh spéis acu cúpla focal a fhoghlaim. Ar 14 Meitheamh beidh seisisúin i gClub Conradh na Gaeilge ag 9:30pm dóibh siúd ar mian leo páirt a ghlacadh i seisiún neamhfhoirmiúil.

Ar 12 Meitheamh beidh taispeántas grianghraf dar teideal "Musicians in Motion" le Tony Hunt ar siúl.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó: +353 (0)1 6788470 or +353 (0)1 678847

Is féidir ticéid a chur in áirithe agus liosta iomlán de na ceolchoirmeacha a fháil ar an suíomh:  www.steeplesessions.com.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 7 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéís agat sna scéalta a leanas:

An dlúthdhiosca úr ‘Teanga na nGael’ le buachan

Féile Scríbhneoireachta Lios Tuathail 2013

As na Nuachtáin: Why does trad play second fiddle at home?

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>