Cuireann An Roinn Airgeadais fáilte roimh aighneachtaí maidir le hullmhú an dara dréachtscéim teanga ó aon pháirtithe leasmhara.
Is féidir aighneachtaí a sheoladh go leictreonach chuig officiallanguagesscheme@finance.gov.ie
Ina ionad sin is féidir iad a chur sa phost chuig:
Scéim an dTeangacha Oifigiúla,
f/ch An Oifig Chorparáideach,
7-9 Rae Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2.
Ní mór aighneachtaí a chur isteach roimh 5pm ar an Aoine, 24 Bealtaine 2013.
Is féidir an chéad scéim teanga de chuid na Roinne Airgeadais a fháil ag www.coimisineir.ie.
Aighneachtaí
Is cabhair mhór do na comhlachtaí poiblí iad na haighneachtaí ón bpobal. Is féidir leis na comhaltaí poiblí mianta an phobail i leith na seirbhísí a theastaíonn uatha a mheas ón aiseolas a fhaigheann siad. Is féidir díriú ar cíbe seirbhís ón gcomhlacht poiblí sna haighneachtaí lena n-áirítear:
• Cumas Dátheangaigh Reatha an chomhlachta phoiblí
• Tairiscint ghníomhach agus cothú éilimh
• Polasaí Earcaíochta agus Socrúcháin an chomhlachta phoiblí – Poist a chur ar leataobh
• Rochtain ar cháipéisíocht / foirmeacha iarratais
• Comharthaíocht agus feiceálacht na Gaeilge ar an láthair oibre
• Cruinnithe Poiblí
• Riachtanais teanga sa Ghaeltacht
• Suíomh Gréasáin
• Córas Measúnaithe ar bhaint amach na spriocanna sa scéim
• Monatóireacht agus tuairisciú ar dhul chun cinn
• Poiblíocht ar an Scéim Chomhaontaithe.
© Foilsithe ar Gaelport.com 7 Bealtaine 2013
Seans go mbeidh spéís agat sna scéalta a leanas:
As na Nuachtáin: idening gap in two-tier school system is revealed
As na Nuachtáin: Fee-paying pupils most likely to go to university
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge