Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Imeachtaí Éigse Chluain Tarbh 2013 seolta

$
0
0
Ní fada go ndéanfar ceiliúradh ar an gcultúr agus ar an teanga Ghaelach le linn Éigse Chluain Tarbh a bheidh ar siúl idir 19 agus 24 Bealtaine 2013.

Is ar mhaithe le forbairt na Gaeilge sa cheantar áitiúil a bhíonn an fhéile seo á reáchtáil gach bliain agus tugtar deis do dhaoine ar gach aois sult a bhaint as an gceol, spórt, litríocht agus as an teanga Ghaelach.

Cuirfear tús le himeachtaí na hÉigse ar an Domhnach, 19 Bealtaine le cluiche peile i bPáirc Naomh Áine ag 11.30rn. Ag an am céanna beidh deis ag daoine cúpla focal a labhairt ag Bialann Tillys ar Bhóthar San Gabriel.

Ar an 20 agus 21 Bealtaine, cuirfear meascán de ranganna Gaeilge ar fáil ar leibhéil éagsúla in Áras Chuain Tarbh, CLG mar aon le seisiún ceoil traidisiúnta agus ranganna rince seite ag ionaid eile.

Ar an gCéadaoin, 22 Bealtaine, reáchtálfar léamh filíochta don phobal ag Leabharlann Ráth Éanaigh ag 6.30in agus an lá dar gcoinn cruthófar neart spraoi le cluiche Scrabble as Gaeilge ag Áras Chluain Tarbh ag 10.45rn.

Beidh mórimeacht na hÉigse, Léacht Éigse Chluain Tarbh, ar siúl ar an Aoine, 24 Bealtaine ag 7.30i.n. ag Clasach , Áras Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Bóthar Ailf Uí Bhroin, Cluain Tarbh, BÁC 3.

Is é an teideal ‘Athshealbhú na Gaeilge i gCeantar an Iúir 1983-2013’ a bheidh faoi chaibidil ag aoichainteoir an léachta, Séamas Mac Dhaibhéid (Gaeláras Mhic Ardghail, Iúr Chinn Trá). Beidh céilí míosúil de chuid Chraobh Seán Treacy ar siúl ina dhiaidh sin ag 9.30i.n. Gearrfar costas €5 ar an léacht agus €10 ar an gcéilí. Ní mór clárú don ócáid roimh 20 Bealtaine 2013 trí ghlaoch ar Sheán ag 0872351825.

Buailfear clabhsúr leis an Éigse ar an gcaoi céanna ar thosaigh sí le cluiche peile agus ciorcal Gaeilge ar an Domhnach, 26 Bealtaine.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 8 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Clár Chomhdháil Idirnáisúnta ar Chearta Teanga seolta

Cúrsaí: Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió

Steeple Sessions ar ais san Ardchathair

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>