Tá scéim úr fógartha ag Glór na nGael a bhronnfaidh suas go €500 ar thograí Gaeilge idirnáisiúnta.
Tá Scéim na nDeontas Idirnáisiúnta á reáchtáil i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus í dírithe ar choistí idirnáisiúnta, a bhfuil sé mar chuspóir acu an Ghaeilge a chur chun cinn thar lear.
Glacfar le hiarratais ar an scéim ó choistí ar fud an domhain ag a mbeidh imeachtaí Gaeilge ar nós dianchúrsaí, léachtaí agus díospóireachtaí, tráth na gceist, imeachtaí súgartha agus spraoi do pháistí, comórtais scríbhneoireachta nó ealaíne agus oícheanta feasachta agus eolais a reáchtáil acu le linn na tréimhse Iúil 2013 - Nollaig 2013.
Tá i gceist go mbronnfar deontais ar an oiread imeachtaí ar chostais íseal agus is féidir.
Anuas ar Scéim na nDeontas Idirnáisiúnta, cuirfear gach iarratas san iomaíocht don chomórtas Global Gaeilge 2013. Bunaítear an comórtas Global le Gaeilge ar na coistí idirnáisiúnta is fearr i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge agus is é €5,000 príomhdhuais an chomórtais bhliantúil.
Is féidir gach eolas a fháil ag www.glornanngael.ie.
©Foilsithe ar Gaelport.com 8 Bealtaine 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Sparánachtaí taighde á n-ofráil ag COGG do mhic léinn M. Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge
Clár Chomhdháil Idirnáisúnta ar Chearta Teanga seolta
Scoláireachtaí Gaeltachta le Daltaí na Gaeilge
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge