Beidh an tsraith lonnaithe i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiaich, Béal Feirste, áit a gcuirfidh na láithreoirí Gráinne Holland agus Éamonn Ó hAdhmaill fáilte roimh réimse leathan de cheoltóirí traidisiúnta agus comhaimseartha ár linne, mar aon le healaíontóirí, filí agus lucht liteartha na Gaeilge.
Le linn na sraithe seo a bhfuil macallaí na gclár aitheanta ‘Other Voices’ agus ‘Later..with Jools Holland’ le haireachtáil inti, beidh an Ghaeilge go mór chun tosaigh agus is cinnte go mbeidh le feiceáil go bhfuil an iliomad ceoltóirí agus ealaíontóirí ann a úsáideann an teanga ina gcuid saothair.
Ar na bannaí móra ceoil a bheidh mar aíonna le na sraithe, beidh an sárghrúpa nua ‘Weeping Willow’, grúpa reggae Feirsteach - ‘Bréag’, ‘KAN’ – ceathrar de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr dá bhfuil ann, fir Bhaile Átha Cliath – ‘The Dirty 9’s’, an grúpa Gáidhlig ‘Dàimh’ agus ceann de na grúpaí óga tradisiúnta is úire – ‘The Bonny Men’. Beidh filí úra, agus filí a bhfuil clú agus cáil orthu, ag aithris a ndánta agus go leor gnéithe eile chomh maith.
Tabharfaidh Éamonn faoi shráideanna an Cheathrú Gaeltachta i mBéal Feirste ar mhaithe le tuairimí an phobail a fháil agus chun blaisín a fháil de shaol na Gaeltachta faoi láthair.
Is léiriú é seo de chuid Imagine Media Productions do BBC2 Thuaisceart Éireann. Cuirfear tús leis an tsraith ar an Luan, 13 Bealtaine 2013 ar a 10i.n.
© Foilsithe ar Gaelport.com 10 Bealtaine 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Scéim deontais don Ghaeilge thar lear
Imeachtaí Éigse Chluain Tarbh 2013 seolta
As na Nuachtáin: Gaelic poetry and song in Aughnanure Castle
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge