Baineann an scéal le téamaí reatha i saol an duine óig ag baint úsáid as uirlis chruthaitheach an fhíschluiche ‘Hóng’. Ardaíonn ábhar an scéil ceisteanna eiticiúla maidir leis an idirlín, gnó salach agus caidrimh phearsanta.
Is éard a bhí le rá ag na moltóirí agus an gradam á bhronnadh acu ná:
‘Cuireann teanga snoite snasta an údair scéal i láthair atá furasta a thuiscint agus furasta a chreidiúint ag an am céanna. Tugann stíl na teanga deis don léitheoir a bheith báúil do scéal na ndéagóirí comhaimseartha seo agus iad ag maireachtáil i ndomhan an Bhéarla ina bhfuil cluichí ríomhaireachta agus neamhaird timpeallachta.’
Tógadh an Anna Heussaff i mBaile Átha Cliath le Gaeilge, áit a bhfuil sí ag cur fúithi faoi láthair. Is é seo an dara leabhar do léitheoirí óga atá scríofa aici. Scríobh sí trí úrscéal do dhaoine fásta freisin: Bás Tobann (Cois Life 2004), Cúpla Focal (Cois Life 2007) agus Buille Marfach (CIC 2010).
Is ar léitheoirí aois 10-13 atá ‘Hóng’ dírithe agus tá gluais foclóireachta ar fáil ag deireadh an leabhair.
© Foilsithe ar Gaelport.com 10 Bealtaine 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Sraith úr ealaíona ag teacht chuig scáileán BBC2 Tuaisceart Éireann
Scéim deontais don Ghaeilge thar lear
Imeachtaí Éigse Chluain Tarbh 2013 seolta
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge