Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Gradam Speisialta na Moltóirí CBI bronnta ar Anna Heussaff

$
0
0
Bhronn an scríbhneoir John Lonergan Gradam Speisialta na Moltóirí ar leabhar Anna Heussaff, Hóng, ag searmanas de chuid Children’s Books Ireland sa Leabharlann Náisiúnta, Baile Átha Cliath ar an gCéadaoin, 8 Bealtaine.

Baineann an scéal le téamaí reatha i saol an duine óig ag baint úsáid as uirlis chruthaitheach an fhíschluiche ‘Hóng’.  Ardaíonn ábhar an scéil ceisteanna eiticiúla maidir leis an idirlín, gnó salach agus caidrimh phearsanta.

Is éard a bhí le rá ag na moltóirí agus an gradam á bhronnadh acu ná:

‘Cuireann teanga snoite snasta an údair scéal i láthair atá furasta a thuiscint agus furasta a chreidiúint ag an am céanna. Tugann stíl na teanga deis don léitheoir a bheith báúil do scéal na ndéagóirí comhaimseartha seo agus iad ag maireachtáil i ndomhan an Bhéarla ina bhfuil cluichí ríomhaireachta agus neamhaird timpeallachta.’

Tógadh an Anna Heussaff i mBaile Átha Cliath le Gaeilge, áit a bhfuil sí ag cur fúithi faoi láthair. Is é seo an dara leabhar do léitheoirí óga atá scríofa aici. Scríobh sí trí úrscéal do dhaoine fásta freisin: Bás Tobann (Cois Life 2004), Cúpla Focal (Cois Life 2007) agus Buille Marfach (CIC 2010).

Is ar léitheoirí aois 10-13 atá ‘Hóng’ dírithe agus tá gluais foclóireachta ar fáil ag deireadh an leabhair. 

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 10 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Sraith úr ealaíona ag teacht chuig scáileán BBC2 Tuaisceart Éireann

Scéim deontais don Ghaeilge thar lear

Imeachtaí Éigse Chluain Tarbh 2013 seolta

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>