Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Buaic-Ghradam Chumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar Pat Butler

$
0
0

Tabharfar aitheantas d’éachtaí craoltóireachta Pat Butler nuair a bhronnfar Buaic-Ghradam Chumarsáide an Oireachtais air Dé hAoine seo, 17 Bealtaine 2013 in Óstán Galway Bay i nGaillimh.

Tá Pat Butler ag obair le cúrsaí craoltóireachta le 36 bliain anuas mar láithreoir, mar thuairisceoir agus mar léiritheoir teilifíse. Tá líon ard clár Gaeilge léirithe aige do RTÉ agus TG4, ina measc Youngline, Féach, Today Tonight agus Léargas. Bronnadh gradaim air agus fuair sé neart ainmniúcháin thar na blianta ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, Gradaim na Meán Ceilteach agus na IFTAs.

"Bhain mé an-taitneamh as an ngairm bheatha a bhí agam i gcúrsaí craoltóireachta a thug mé chuig gach coirnéal d'Éirinn áit ar casadh daoine den scoth orm ar an mbealach. Bhí an-dúil agam i gcónaí sna scéalta agus d'oibrigh mé go dian le scéalta suntasacha a chur faoi bhráid an lucht féachana agus an lucht éisteachta agus gabhaim buíochas leis an Oireachtas as ceiliúradh a dhéanamh orthu siúd uile a roinn a gcuid scéalta liom," a dúirt sé.

Beidh aitheantas ar leith ag dul don stáisiún raidió pobail Raidió na Life chomh maith. Tá Raidió na Life ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód agus bíonn na dosaenacha oibrithe deonacha ag teacht agus imeacht ón stiúideo gach seachtain. Is é seo a bhí le rá ag Muiris Ó Fiannachta, bainisteoir stáisiún Raidió na Life:

“Bliain iontach a bhí ann go dtí seo do Raidió na Life agus muid ag ceiliúradh fiche bliain beo ar an aer. Ag amanna bhí sé crua ós rud é nach raibh mórán acmhainní againn agus gabhaimid buíochas ar leith le Foras na Gaeilge a chuir maoiniú riachtanach ar fáil i rith na mblianta.”

Tá na gradaim roinnte in 8 rannóg i mbliana agus luaitear liosta iomlán na n-ainmnithe thíos.

1. TEILIFÍS: SCANNÁN / CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
Litir ó Mháirtín Jaimsie - Abú Media do TG4   
An Féidir Linn - Bóthar Ard do TG4   
Lón sa Spéir - Sónta Teo. do TG4   
Lorg na gCos - Súil siar ar Mise Éire - Midas Productions do TG4

2. TEILIFÍS: SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Turas Húicéara - Léirithe DMCI  do TG4  
Imeall - Redshoe Productions do TG4   
Bliain in Árainn Mhór - Power Pictures do TG4   
Rónán ar an Camino - Waddell Media do TG4 

3. TEILIFÍS: CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA
Tristan Rosenstock - Imeall      
Máire Treasa Ní Dhubhghaill - Ponc/ Rugbaí Beo  
Rónán Mac Aodha Bhuí - Rónán ar an Camino 
Seán Mac an tSíthigh - Nuacht TG4/RTÉ    
Dara Ó Cinnéide - Seo Spóirt     

4. AISTEOIR NA BLIANA
Tara Breathnach - Tina O’Dowd, Ros na Rún  
Donncha Crowley - Cormac, Scúp     
Linda Bhreathnach - Róise de Búrca, Rós na Rún   
Kelly Gough - Alix, Scúp    
Bláthnaid Ní Chofaigh - Maeve Kelly Clarke, Crisis Eile 

5. RAIDIÓ: CLÁR / SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Cormac ag a Cúig - RTÉ Raidió na Gaeltachta    
Spioradáltacht ar Leith - Raidió na Life  
Splanc - Newstalk   
Blas - BBC Raidió Uladh    
Rónán Beo @ 3 - RTÉ Raidió na Gaeltachta  

6. RAIDIÓ: CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA
Cormac Ó hEadhra - RTÉ Raidió na Gaeltachta
Siobhán Seoighe - Raidió na Life    
Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha - RTÉ Raidió na Gaeltachta   
Orla Nic Cárthaigh - Raidió Rí-Rá    
Eibhlín Ní Chonghaile - RTÉ Raidió na Gaeltachta   

7. IRISEOIR/COLÚNAÍ NA BLIANA
Seán Tadhg Ó Gairbhí - Comhar, Irish Times      
Máirtín Ó Catháin - Gaelscéal/An Curadh Connachtach/Galway Advertiser
Pól Ó Muirí - Irish Times

8. LÁITHREÁN GRÉASÁIN NA BLIANA
www.gaelport.com - Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
www.beo.ie  - Oideas Gael
www.raidionalife.ie - Raidió na Life
www.meoneile.ie - Below the Radar
http://www.tg4.ie/ie/programmes/cula4.html - TG4
 

© Foilsithe ar Gaelport.com 13 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Gradam Speisialta na Moltóirí CBI bronnta ar Anna Heussaff

Sraith úr ealaíona ag teacht chuig scáileán BBC2 Tuaisceart Éireann

Imeachtaí Éigse Chluain Tarbh 2013 seolta

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>