Sheol peileadóirí idir-chontae na Déise, Liam Ó Lonáin (foireann shinsear) agus Tadhg Ó hUallacháin agus Jamie de Barún (foireann mhionúir Phort Láirge) an comórtas.
Tá Club CLG Rinn na gCuanach, óstach an chomórtais, ag súil le thart ar 5,000 cuairteoir sa Ghaeltacht idir 31 Bealtaine agus 3 Meitheamh, le 24 cluiche idir Pheil na bhFear agus na mBan, le cúnamh faighte acu chomh maith céanna ó Chlub CLG an tSean-Phobail. Le hais na n-imeachtaí peile, tá neart eile ag tarlú in iarthar na nDéise, le hócáidí cultúrtha lonnaithe sa dá pharóiste, iad curtha le chéile ag an gCoiste Áitiúil. Beidh An Bansa, marquee na Féile, suite gar do Pháirc Uí Shíothcháin sa Rinn.
Labhair réalt Phort Láirge, Liam Ó Lonáin, ag seoladh an Chomórtais, faoi thábhacht an chomórtais pheile, ní amháin ar an mbuntáiste airgeadais atá ann don Ghaeltacht, ach ainm na Gaeltachta a chur ar an mapa ina theannta sin.
Le foirne Gaeltachta ag teacht ó gach aon chúinne den tír, ó Co. Dhún na nGall, Co. Mhaigh Eo, Co. na Gaillimhe, Co. Chiarraí, Co. Chorcaí, Co. na Mí chomh maith le foirne ó Bhaile Átha Cliath agus Bhéal Féirste, is cinnte go bhfaighidh an Rinn an t-aitheantas ceart.
Rinne Cathaoirleach Chlub CLG na Rinne, Noel Ó Murchadha, trácht ar an mórtas cine is ceantair a chruthaíonn Comórtas Peile na Gaeltachta don Rinn, “Tá gach ball den Chlub ag obair ar a míle dhícheall chun a chinntiú go mbeidh Comórtas iontach againn anseo sna Déise agus gabhaim buíochas le gach duine as a gcuid dúthrachta. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil chomh maith lenár gcomharsana sa Sean Phobal as ucht a gcuid tacaíochta agus gcúnaimh le heagrú an Chomórtais i mbliana.”
Le linn deireadh seachtaine saoire bainc an Mheithimh, beidh Raidió na Gaeltachta ag craoladh an chuid is mó de na cluichí beo, le TG4 ag clúdach na gcluichí leath-cheannais ar an Domhnach agus na craobhacha ar an Luain. Craolfar na cluichí beo arlíne freisin.
© Foilsithe ar Gaelport.com 14 Bealtaine 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Imeachtaí Éigse Chluain Tarbh 2013 seolta
Sraith úr ealaíona ag teacht chuig scáileán BBC2 Tuaisceart Éireann
Clár Chomhdháil Idirnáisúnta ar Chearta Teanga seolta
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge @ComortasPeile13