Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Guth Gafa ag teacht go Málainn i mbliana

$
0
0
Tá Guth Gafa, an fhéile idirnáisiúnta scannán faisnéise á cheiliúradh i mbliana i Málainn, Dún na nGall.
Beidh daoine ó gach gné den saol scannánaíochta ag teacht chuig an mbaile beag seo i leithinis Inis Eoghain idir an 16 – 19 Bealtaine chun sult a bhaint as an gclár leathan d’imeachtaí atá leagadh amach i mbliana.  Chomh maith leis sin beidh sraith de scannáin shatailíte á dtaispeáint i gcathair Dhoire mar chuid d’fhéile Dhoire: Cathair Cultúrtha 2013. 

Príomh théama na bliana seo ná cearta an duine, fadhbanna sóisialta agus an timpeallacht.

Is é seo an 7ú bliain as a chéile a bheidh an fhéile ar súil agus tá cáil mhaith bainte amach aici mar sin tá roinnt de na cláir fhaisnéise is fearr ar domhain á dtaispeáint i mbliana.

Taispeánfar níos mó ná cúig scannán déag nach raibh léirithe in Éirinn mar chuid de chlár na féile.  I measc na scannán a bheidh ar siúl, bheidh scannáin a bhuaigh gradam Oscars, Emmy agus IFTAs, mar aon le scannáin mhóra le rá ó na féilte Sundance, IDFA agus SXSW . Freisin, beidh stiúrthóirí scannán ag an bhféile lena saothair a phlé agus a chur i láthairdon lucht féachana.

Is é ceann de bhuaicphointí na féile i mbliana ná go dtaispeánfar  an clár faisnéise Fionlannach dar teideal Soundbreaker. Díríonn an scannán ar dhuine de na cumadóirí agus seinnteoirí an bhosca cheoil is cáiliúla agus is misniúla dá bhfuil ann, Kimmo Pohjonen. Beidh léiriú ceoil beo le feiceáil i ndiaidh an scannáin ó réalt ceoil i nDoire in Amharclann Foyle na cathrach. 
 
Chomh maith leis an réimse mór scannáin a bheidh á dtaispeáint, beidh club na féile ar súil le linn an deireadh seachtaine in Óstán Mhálainn. Beidh neart réaltaí an cheantair le cloisteáil cosúil le: The Henry Girls agus amhránaí Kate O’ Callaghan ina measc. Freisin beidh Balkan Alien Sound, RSAG agus a huile ceoltóirí áitiúla ina measc. 

 Féile iomlán difriúil is ea í Guth Gafa, féile a chuireann réimse leathan ar fáil ó thaobh pictiúrlanna nua-aimseartha, léirithe amuigh faoin aer, ceardlanna, ceol, siamsaíocht, bia agus fíon d’ardchaighdeánagus gach rud faoi scáth na gréine i nDún na Gall.
 
Cosnaíonn pasanna an tséasúir €40 (€30 lamháltas) agus ticéid €6.50 (€5 lamháltas) le ceannach ar www.enterainment.ie/guthgafa. 
 
Tá clár iomlán na n-imeachtaí agus a thuilleadh eolais faoin bhféile le fáil ar an suíomh gréasáin http://www.guthgafa.com/. 
 

© Foilsithe ar Gaelport.com 14 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:





Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>