Seolfaidh Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG leabhar nua, 'Gníomhachtaí Gasta : 60 Gníomhaíocht Chumarsáide' don Rang Gaeilge le Siobhán Patten in ionad Ghaelchultúr, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath ar an Déardaoin, 30 Bealtaine 2013 ag 6.30i.n.
Tá an leabhair seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile le 60 gníomhaíocht spraíúil chumarsáide ar fáil sa leabhar. Pléitear go mion na pleananna ceachta, rud a chuirfidh ar chumas múinteoirí cumarsáid nádúrtha agus foghlaim éifeachtach a chothú sa rang Gaeilge.
“Cé go bhfuil béim i gcúrsaí múinteoireachta ar an gcur chuige cumarsáideach le blianta, bíonn sé deacair teacht ar mhodhanna éifeachtacha le cumarsáid a spreagadh sa seomra ranga,” a deir Siobhán Patten, údar an leabhair.
Is féidir fótachóip a dhéanamh de na gníomhaíochtaí atá le fáil sa leabhar agus tá siad oiriúnach do dhaltaí i ranganna 3–6 i scoileanna T1 agus T2 araon.
Is féidir Gníomhaíochta Gasta a cheannach ar www.siopa.ie ar €34.95 agus is féidir féachaint ar ábhar samplach ón leabhar anseo.
Le linn na hócáide céanna, bronnfar a gcuid teastas ar na chéad mhic léinn atá tar éis an cúrsa Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (Leibhéal 4) a chríochnú agus an cháilíocht a bhaint amach.
© Foilsithe ar Gaelport.com 15 Bealtaine 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge @gaelchultur