Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Gradam Gnó le Gaeilge Maigh Eo: Gearrliosta na Gaeltachta fógartha

$
0
0
Fógraíodh gearrliosta don Ghradam Gnó le Gaeilge i Maigh Eo, le 80 iarrthóirí íosghearrtha ag na moltóirí go 12.

Leagadh amach gearrliosta Ghradam Gnó na Gaeltachta i Maigh Eo sa Mayo Examiner Dé hAoine seo caite 10 Bealtaine, agus Dé hAoine beag seo beidh na hiarrthóirí taobh amuigh den Ghaeltacht ainmnithe sa nuachtáin.

Tá 5 gnó ainmnithe ar ghearrliosta na Gaeltachta: Éalú Leisure Centre, Béal an Mhuirthead; Fíor Uisce Teo, Tuar Mhic Éadaigh; Teach Mháire Luke, Tuar Mhic Éadaigh; Coláiste Uisce, Iorras agus Óstán Oileán Acla; Acaill don Ghradam 2013. Le duaischiste ar luach €7000 ar fáil do na buaiteoirí idir an dá chatagóir, is cinnte go bhfuil taispeántas de chruthaitheacht agus paisean i dtaobh na Gaeilge le feiceáil sna gnólachtaí seo.

Bhí áthas agus iontas ar na moltóirí faoin méid iarrthóirí ar chuir isteach ar an gcomórtas, agus na bealaí nuálacha atá á n-úsáid ag na gnólachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn, i bhfoirm sheirbhísí, chomharthaí/fógraí nó an fhoireann féin.

Beidh bronnadh Ghradam Gnó le Gaeilge ar siúl le linn sheimineár “Todhchaí na Gaeilge i gCo. Mhaigh Eo” ar an Satharn 25 Bealtaine in Breaffy House, Caisleán an Bharraigh; leis an seimineár ag tosú ag 10r.n., agus an bronnadh ar siúl ó 1.30.

Próifíl an ghearrliosta:

Fíor Uisce Teo: Buidéalaithe uisce lonnaithe i dTuar Mhic Éadaigh.. Soláthraíonn Fíor Uisce uisce d’óstáin, tigh tabhairne, siopaí agus bialanna ar fud na tíre , chomh maith leis an bhFrainc. Is cuid lárnach í an Ghaeilge sa ghnó, mar uirlis mhargaíochta – táirge nádúrtha dúchasach ón nGaeltacht, chomh maith lena sluán “Sláinte agus Saol Fada”.

Teach Mháire Luke: Bialann, teach tábhairne agus teach lóistín Gaelach is ea Teach Mháire Luke i dTuar Mhic Éadaigh. Tógadh únéirí an tí, Barbara agus Frank Filbín trí Ghaeilge agus thógadar a gclann féin ann trí Ghaeilge sa teach chomh maith. Ní hamháin go bhfuil an teanga féin le feiceáil ar fud na háite, ach tá sí le mothú chomh maith idir Raidió na Gaeltachta a bheith á chasadh, bailiúcháin fuisce taobh thiar den bheár, agus ag na ócáidí cultúrtha Gaelacha a bhíonn á reáchtáil ann – damhsa, ceol agus cartaí mar chuid dóibh siúd.

Coláiste Uisce: Lonnaithe i gCuan Eilí, Iorras, tá Coláiste Uisce ag feidhmiú mar champa Gaeilge agus ionad eachtraíochta in éineacht lena chéile. Le líon fostaithe idir 30 agus 80 duine ag obairgo hiomlán trí Ghaeilge, baineann Coláiste Uisce an Ghaeilge den seomra ranga mar mhaithe len í dhéanamh spraoiúil; trí spórt uisce, dreapadóireacht, rianóireacht agus i bhfad níos mó!

Éalú Leisure Centre: Mar chuid den Óstán Broadhaven i mBéal an Mhuirthead, ghlaodh Éalú ar an ionad toisc go bhfuil sé lonnaithe sa Ghaeltacht do dhaoine áitiúla. Tá an Ghaeilge mar chuid mhór d’Éalú, sa tlsí gur féidir leo seasamh amach óna iomaitheoirí, le foireann le Gaeilge, chomh maith le comharthaí agus ranganna éagsúla rite go hiomlán trí Ghaeilge.

Óstán Oileán Acla: Le 26 seomra, beár, bialann agus seomra ócáide, agus foireann le caighdeán maith Gaeilge acu, is cinnte gur comhlacht é seo ar féidir leo feidhmiú go huile is go hiomlán trí Ghaeilge. Idir comharthaí Gaeilge go síniú a gcuid ríomhphoist, tá an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil i ngach aon cúinne d’Óstán Oileán Acla.

© Foilsithe ar Gaelport.com 15 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Scéim deontais don Ghaeilge thar lear

As Na Nuachtáin: Gradam Gnó le Gaeilge business finalists announced

BunGhaeilge ar fáil mar aip d’fhóin chliste

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge 


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>