Is iad RTÉ Raidió na Gaeltachta an t-aon eagraíocht go bhfuil na cearta iomlána acu ar iomlán na gcluichí craoibhe, idir an iomáint agus an pheil, as seo go dtí na cluichí ceannais i mí Mheán Fómhair.
Ciallaíonn sé seo nach mbeidh eagraíocht ar bith eile ag craoladh trí Ghaeilge, idir an iomáint agus an pheil, as seo go dtí na cluichí ceannais i mí Mheán Fómhair.
Idir chlúdach beo, anailís agus tuairiscí, beidh níos mó ná 12 uair sport in aghaidh gach deireadh seachtaine, le suas go 40 cluiche peile agus os cionn 20 cluiche iománaíochta le cloisteáil sna míonna atá romhainn.
Beidh le chloisteáil gach Satharn go Luain: Spórt an tSathairn le Seán Bán Breathnach ag a 2 i.n. Dé Sathairn agus Reacaireacht an Tráthnóna ag 6.30 i.n. ag tuairisciú ar cluichí an tráthnóna. Dé Domhnaigh, cuirfidh Mícheál Mac Donnchadha Spórt an Lae i láthair ag 2 i.n., agus beidh torthaí an lae pléite ar Spórt an Domhnaigh ag 7 i.n.
Cuirfidh Dara Ó Cinnéide Spórt an Luain i láthair ag a 5 i.n. Dé Luain. Dar ndóigh beidh saineolas agus anailís ar fáil ar Raidió na Gaeltachta ó imreoirí, iar-imreoirí, ó bhainisteoirí agus ó iar-bhainisteoirí le linn an, le leithéidí Ger Brennan, Mícheál Ó Muircheartaigh agus John Allen san áireamh mar shaineolaithe.
Labhair Edel Ní Chuireáin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin tábhacht a bhaineann le cúrsaí spóirt sa stáisiún ach go h-áirithe leis an gCumann Lúthchleas Gael, agus is treisiú ar an tábhacht sin go bhfuil na cearta i seilbh Raidió na Gaeltachta anois.
© Foilsithe ar Gaelport.com 16 Bealtaine 2013
Seans go mbeidh spéís agat sna scéalta a leanas:
Comórtas Peile na Gaeltachta seolta ag peileadóirí idir-chontae na nDéise
BunGhaeilge ar fáil mar aip d’fhóin chliste
As Na Nuachtáin: Dianchúrsa Traenála Raidió Fáilte
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge