Faoi Acht na Gaeltachta 2012 roinneadh an Ghaeltacht i 19 ceantar pleanála teanga faoi leith, agus é i gceist go mbeadh plean teanga uathúil le dréachtú do gach ceantar acu sin. Ag an am sin, bhí sé aontaithe go roghnófaí príomheagraíocht cinnireachta amháin i ngach ceantar pleanála teanga chun an próiseas a stiúradh ar an talamh, le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta.
I gcruinnithe le Roinn na Gaeltachta anuraidh, chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge in iúl don Roinn gur beag an nasc a bhí idir cuid de na pobail sna ceantair fhairsing a roghnaíodh mar cheantar pleanála teanga, agus gur fearr briseadh síos níos mine a dhéanamh ar na ceantair sin.
Tá fógartha inniu, 16 Bealtaine 2013, go bhfuil glactha ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta le moltaí a cuireadh faoina mbráid ó Údarás na Gaeltachta go ndéanfaí athdhréachtú ar na ceantair a roghnaíodh, ionas go mbeadh 26 ceantar ann in áit 19.
Ag labhairt dó faoin bhfógra is deireanaí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, lar-chomhairle phobal na Gaeilge:
“Tá bliain caite anois ón uair a fógraíodh na ceantair pleanála teanga, agus níl scála ama curtha leis an bpróiseas, nó níl spriocanna sonracha leagtha síos go fóill. Tá an obair seo iontach práinneach, agus is gá tabhairt faoi láithreach. Is gá spriocanna soiléire agus amchlár réadúil a aontú ionas go dtuigfidh na páirtithe ar fad a bhfuil le déanamh acu féin chun mórspriocanna na straitéise a bhaint amach”.
Deir De Barra, “Cé gur dúradh anuraidh gur príomheagraíocht cinnireachta ar cheart a bheith ag stiúradh an phróisis i ngach ceantar, is gá breathnú arís air seo, agus féachaint ar phleananna áitiúla laistigh de na mórlimistéir agus iad siúd a thabhairt chun cinn i gcomhar leis an bpobal áitiúil”.
Tá curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta do Gaelport.com go dtuigtear dóibh óna phlé leis an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta go ndéanfar fógra oifigiúil maidir le comhdhéanamh na Limistéar Pleanála Teanga faoi lár an tsamhraidh.
Tuigtear do Gaelport.com gur mar seo thíos atá na limistéir Ghaeltachta nua beartaithe:
Dún na nGall
1. Tuaisceart Dhún na nGall – ceantar Fhánada, Leithinis Ros Goill agus mórcheantar an Tearmainn.
2. Gaoth Dobhair agus Íochtar na Rosann (Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir).
3. Cloich Chionnaola - Gort an Choirce, An Fál Carrach, Machaire Rabhartaigh.
4. Na Rosa – An Clochán Liath, Ailt an Chorráin, Leitir Mhic an Bhaird.
5. Árainn Mhór.
6. An Ghaeltacht Láir – Baile na Finne, Gleann Fhinne.
7. Dún na nGall Theas (leithinis Shliabh Liag).
8. Oileán Thoraí.
Maigh Eo
1. Acaill (An Corrán agus Inis Bigil).
2. Gaeltacht Iorrais (Cill tSéine, An Chill Mhór, Cill Chuimín agus Baile Bhéal an Mhuirthead).
An Mhí
1. Ráth Chairn agus Baile Ghib.
Gaillimh
1. Oileáin Árann.
2. Ceantar na nOileán & Béal an Daingin (ón Tuairín siar).
3. An Cheathrú Rua (ó Dhroichead Chasla siar go dtí an Tuairín).
4. Conamara Láir (ó Chamas go Sraith Salach; Ros Muc, Cill Chiaráin, Carna agus an Caiseal san áireamh).
5. Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh.
6. Cois Fharraige (ó Dhroichead Chasla soir go dtí Sruthán na Líbeirtí; Na Forbacha agus An Spidéal san áireamh).
7. Ceantar Mhaigh Cuilinn.
8. Bearna agus Cnoc na Cathrach.
9. Gaeltacht Oirthear Chathair na Gaillimhe – Mionlach agus Tír Oileáin.
10. Baile Chláir, Baile an Bhriotaigh, An Carn Mór agus ceantair eile an Eachréidh.
Ciarraí
1. Ciarraí Thiar.
2. Ciarraí Theas.
Corcaigh
1. Múscraí
2. Cléire
Port Láirge
1. Na Déise
© Foilsithe ar Gaelport.com 16 Bealtaine 2013
Seans go mbeidh spéís agat sna scéalta a leanas:
Cearta Craoltóireachta Chraobhacha an CLG 2013 faighte ag Raidió na Gaeltachta
Fáilte curtha ag eagrais Ghaeilge roimh Fhochoiste Dála dírithe ar an nGaeilge
Riachtanais na Gaeilge san Oideachas le plé ag Comhdháil COGG
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge