Tá sé i gceist ag Cló: Ceardlann na gCnoc ceardlanna físealaíona a reáchtáil mar chuid den Scoil Samhraidh idirnáisiúnta i mbliana.
Beidh an cúrsa sa phéinteáil uisce agus an tírdhreach á reáchtáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Ag déanamh tagairt de na ceardlanna eile, cuirfear roinnt acu ar fáil trí mheán na Gaeilge má bhíonn an t-éileamh ann chun é seo a dhéanamh.
Seo liosta de na cúrsaí
Priontáil Collaghraif.
25 & 26 Bealtaine. Cúrsa Dhá lá/ €80 don chúrsa
Teagascóir Sue Morris
Teicnící scannánaíochta ar 16mm
15 & 16 Meitheamh.Táille €110.
Teagascóir Estelle Belz
Teicnící Grianghrafadóireachta ársa
22 & 23 Meitheamh.Táille €110
Teagascóir Amandine Julien
Cruthú leabhar ealaíne –cúrsa 6 Seachtain.
Tosú ar an 1 Iúil.Táille €80
Teagascóir Ian Gordon
Artists pop up books
Cúrsa 6 Seachtain.Táille €80
Teagascóir Sarah Lewtas
Dianchúrsa i bpéinteáil ar icons
6,7,8 & 9 Iúil.€200 don chúrsa
Teagascóir Claire Halpin
Déanamh Priontaí ar chlocha
13 & 14 Iúil.Táille €110
Teagascóir Aoife Mc Garrigle
Gloine mosaic & líníocht ar ghloine
20 & 21 Iúil.Táille €120
Teagascóir Louise Rice
Péinteáil le huisce & an tírdhreách
3 & 4 Lúnasa.Táille €110.
Teagascóir : Eoin Mc Lochlainn
**Cuirfear bunábhar ar fáil. Beidh na cúrsaí ar siúl ón 10 rn go 5 in (ach amháin na cúrsaí 6 seachtain).
**Lascaine 25% dóibh siúd atá mar bhaill de na ceardlanna. Lascaine do dhaoine dífhostaithe.
Bunaíodh an t-ionad clódóireachta ealaíona,‘Cló’ in 1998 é i nGaoth Dobhair.Tionscnamh is ea é a bhunaigh ealaíontóirí d’fhonn ardán a thabhairt d’ealaíontóirí ar fud na cruinne agus do phobal na Gaeltachta teacht le chéile chun a gcuid smaointe cruthaitheacha a mhalartú.
Cothaíonn ‘Cló’ ealaíontóirí Gaeltachta nua trí sheirbhísí forbartha proifisiúnta a chur ar fáil dóibh. Tugann siad cúnamh dóibh saothair a ullmhú do thaispeántais, don fhoilsiú nó don chraoladh, agus foilsíonn siad líon teoranta de phriontaí, dhlúthdhioscaí, DVDanna agus leabhair ealaíontóirí.
Faoin gclár Ealaíontóir Cónaitheach, soláthraíonn ‘Cló’ lóistín d’ealaíontóirí agus iad ar chamchuairt. Reáchtálann siad cúrsaí oiliúna rialta, ina measc, cúrsa oiliúna bliana.
Tuilleadh Eolais ag na sonraí seo a leanas:
Cló Ceardlann na gCnoc
Mín an Leá
Gort a Choirce
Leitir Ceanainn
Co Dhún na nGall.
Tel / fax +353 (0) 74 91 62800
Ríomhphost:cloceardlann@eircom.net
© Foilsithe ar Gaelport.com 21 Bealtaine 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Pádraigín Ní Uallacháin le ‘Songs of the Scribe’ a léiriú i nDoire
An leabhar An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc le buachan
Bewley’s @ 6 Ciarán Ó Gealbháin and Dónal Clancy
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge