Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Uachtarán Nua ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

$
0
0
Cúis áthais do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a fhógairt go bhfuil Deirbhile Nic Craith ceaptha anois ina hUachtarán ar an gComhdháil.

Ag cruinniú de Bhord na Comhdhála le deireanaí, ceapadh Nic Craith ina ról nua, mar Uachtarán ar scátheagraíocht na hearnála deonaí Gaeilge, d’aon ghuth.

Tabharfaidh Nic Craith taithí fairsing léi chuig a ról úr, le tréimhsí fada caite aici ag obair le heagrais Ghaeilge éagsúla, agus breis agus scór bliain caite aici ag obair mar Oifigeach Sinsearach le Cumann Múinteoirí Éireann. 

Bhí sí ina comhalta ar Bhord na Comhdhála faoi dhó roimhe seo, i dtús thar ceann Gaelscoileanna Teoranta agus ansin thar ceann Feachtas. 

Ceapadh í ina Stiúrthóir ar Ghaelscoileanna Teoranta sa bhliain 1988, agus mar oifigeach sa Rannóg Oideachais de chuid CMÉ i 1992.  Is Oifigeach Oideachais agus Rúnaí í Deirbhile do Choiste Oideachais Chumann Múinteoirí Éireann. 

Tagann Nic Craith i gcomharba ar Phádraig Mac Fhearghusa a chomhlíon ról an Uachtaráin ón bhliain 2011. 

Ag labhairt faoin gceapachán dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Kevin De Barra, “Cuirfidh an ceapachán seo go mór le saineolas na Comhdhála i réimse an oideachais.  Tá Foireann agus Bord na Comhdhála ar bís chun dul i mbun oibre le duine leis an oiread taithí agus saineolais le Deirbhile.  Go maire sí a ról nua!”

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 21 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Comhar Óg amuigh ar na seilfeanna anois

Pádraigín Ní Uallacháin le ‘Songs of the Scribe’ a léiriú i nDoire

Gradam Gnó le Gaeilge Maigh Eo: Gearrliosta na Gaeltachta fógartha

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>