Déanfaidh an cheolchoirm áirithe seo clabhsúr a chur leis an tsraith reatha de Bewley’s @6 a bhíonn á reáchtáil ag Gael Linn san Ardchathair.
Is de bhunadh an tSeanaphobail i nGaeltacht na nDéise é Ciarán Ó Gealbháin, mar a bhfuil cónaí fós air. Iarbhall den ghrúpa ceoil Danú, amhránaí agus ceoltóir is ea é a chuireann suim ar leith i dtraidisiún ceoil agus amhránaíochta na nDéise. D’fhoghlaim sé a chuid boscadóireachta ón sár-cheoltóir, Bobby Gardiner.
De theaghlach fíorcheolmhar as Carraig na Siúire é Dónal Clancy, mac leis an amhránaí clúiteach, Liam Clancy. Tógadh sa Rinn é, mar a raibh sé ar dhuine de bhunaitheoirí an ghrúpa Danú, i nóchaidí an chéid seo caite. Chaith sé tamall ag ceol lena athair, agus tréimhsí eile leis na grúpaí Solas agus The Eileen Ivers Band. Ceolann sé inniu le Danú, tá a stiúideo féin sa Rinn aige, agus tá a ainm in airde mar léiritheoir ceoil.
Bígí faoi dhraíocht ag ceol den scoth i gCaifé Bewley’s ag deireadh na míosa.
Tá Áirithint riachtanach don cheolchoirm seo de bharr go bhfuil spás teoranta!): 087-2547574
Ionad:
Amharclann Bewley’s
Sráid Grafton
Baile átha Cliath 2
Am: 6:00pm – 8:00pm (Doirse ar oscailt ó 5.45pm)
Cead Isteach: €15 (Báisíní bia san áireamh!)
© Foilsithe ar Gaelport.com 21 Bealtaine 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Ceardlanna físealaíona trí Gaeilge á reáchtáil ag Cló: Ceardlann na gCnoc
Pádraigín Ní Uallacháin le ‘Songs of the Scribe’ á léiriú i nDoire
As na Nuachtáin: A Gathering on the Blaskets: an islandman returns
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge