Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ros na Rún ar thóir réalta teilifíse úra

$
0
0
Tá Ros na Rún ag cuardach aisteoirí nua, idir fhir is mná, a bhfuil Gaeilge acu.

Tá aisteoirí nua ag teastáil  don sobaldráma atá lonnaithe faoin tuath in Éirinn, ag léiriú ghnáthshaol na Gaeltachta. Idir ghrá, chollaíocht, trioblóidí teaghlaigh, dúnmharú, bhréaga, rúin agus bhradaíl phósta, is cinnte go mbeidh aghaidheanna nua le feiceáil ar Ros na Rún sa chéad séasúr eile, agus tá deis ag Gaeilgeoirí bheith mar chuid de phobal Ros na Rún, in éineacht le Tadhg ó Díreáin agus Máire agus Peadar Ó Conghaile i measc daoine eile.

Beidh líofacht na Gaeilge riachtanach chun a bheith páirteach, agus beidh éisteachtaí ag dul ar aghaidh ar sheit Ros na Rún sa Spidéal i gContae na Gaillimhe ar an Aoine 24 Bealtaine 2013.

Má theastaíonn uait a bheith ar an scáileán gach oíche Máirt agus Déardaoin ar TG4, seol do CV chomh maith le grianghraf a tógadh díot le déanaí chuig leiriuchain@rosnarun.com, nó is féidir cur isteach ar na héisteachtaí ar www.rosnarún.com, agus tá tuilleadh eolais ar a suíomh agus ar 091 558400.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 21 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Ceardlanna físealaíona trí Gaeilge á reáchtáil ag Cló: Ceardlann na gCnoc

An leabhar An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc le buachan

Bewley’s @ 6 Ciarán Ó Gealbháin and Dónal Clancy

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>