Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Scéimeanna traenála á gcur ar fáil ag an gCiste Craoltóireachta Gaeilge

$
0
0
Tá an Ciste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Northern Irish Screen ag lorg cainteoirí Gaeilge líofa le bheith rannpháirteach i scéimeanna éagsúla traenála teilifíse.

Leanfaidh na scéimeanna seo ó mhí Mheán Fómhair 2013 go dtí Lúnasa 2014 agus cuirfear oiliúint ar fáil i réimsí an léiriúcháin, na heagarthóireachta agus na ceamaradóireachta. Foghlaimeoidh rannpháirtithe na ceirdeanna seo agus iad ar shocrúcháin le comhlachtaí léiriúcháin teilifíse.

Tá Scéim na nIarrthóirí Úra i scileanna léiriúcháin teilifíse dírithe ar dhaoine nach bhfuil taithí ar bith acu san earnáil. Cuirfear oiliúint ar na rannpháirtithe seo ó bhunús.

Is gá ar a laghad bliain taithí oibre a bheith ag duine le cur isteach ar Scéim Oiliúna Léiritheoirí Teilifíse agus í dírithe orthu siúd ar mhian leo post a bhaint amach sa réimse sin.

Tá deis ag eagarthóirí agus ceamaradóirí le bliain de thaithí oibre curtha fúthu cur isteach ar Scéim Oiliúna na nEagarthóirí nó ar Scéim Oiliúna na gCeamardóirí más dúil leo fondúireacht láidir a bhunú san earnáil chuí.

Ní mór d’iarrthóirí a bheith líofa sa Ghaeilge agus cáilíocht tríú leibhéal a bheith bainte amach acu. Is é 31 Bealtaine an spriocdháta le haghaidh iarratas. Le haghaidh tuilleadh eolais, is féidir dul I dteagmháil le Bríd Falconer ag 02(4)8 90 232444 / Brid@northernirelandscreen.co.uk.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 21 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Ros na Rún ar thóir réalta teilifíse úra

Ceardlanna físealaíona trí Gaeilge á reáchtáil ag Cló: Ceardlann na gCnoc

Bewley’s @ 6 Ciarán Ó Gealbháin and Dónal Clancy

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>