Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Oireachtas Cheanada le ceiliúradh den tríú bliain as a chéile

$
0
0
Den tríú bliain as a chéile déanfar ceiliúradh idirnáisiúnta ar chultúr na hÉireann ag Oireachtas na Gaeilge i gCeanada ag deireadh na míosa seo chugainn le neart imeachtaí Gaeilge agus Gaeltachta á reáchtáil ón Aoine, 28 go dtí an Domhnach, 30 Meitheamh 2013.

Féile splancach, bunaithe ar mhúnla ‘Oireachtas na Gaeilge’ atá i gceist agus í lonnaithe i nGaeltacht An Oileáin Úir i gCeanada.

Cuireadh tús le samhail na féile sa bhliain 2008 ag comhdháil urraithe ag Glór na nGael i Nua-Eabhrac ‘Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh’ le fís uaillmhianach a nascfadh grúpaí Gaeilge i Meiriceá Thuaidh agus in Éirinn. Freastalaíonn an fhéile ar chainteoirí dúchasacha mar aon le foghlaimeoirí na Gaeilge ó thíortha éagsúla ar fud an domhain.

Le linn an dtrí lá déanfar ceiliúradh ar oidhreacht na Gaeilge agus ar na healaíona dúchasacha mar a dhéantar gach bliain ag Oireachtas na Samhna. I measc na n-imeachtaí beidh comórtais éagsúla á reáchtáil - ina measc beidh scéalaíocht, agallamh beirte, lúibíní, dreas cainte, aithris filíochta, amhránaíocht ar an sean-nós, litríocht, ceol aonair, damhsa ar an sean-nós mar aon le damhsa seit agus seisiúin cheoil agus amhránaíochta agus neart siamsaíochta.

Bí cinnte go mbeidh Oireachtas den scoth ann arís le Gaeilgeoirí aitheanta i láthair, ina measc siúd beidh an damhsóir aitheanta Labhras Sonaí Choilm Learraí as Leitir Mealláin i gConamara, an ceoltóir cumasach Meataí Joe Shéamais Ó Flátharta as na hAille in Indreabhán i gConamara,  iarbhuaiteoir Corn Uí Riada, píobaire, fliúiteadóir, iar stiúrthóir ceoil leis na meáin chumarsáide in Éirinn.

I láthair freisin beidh an t-amhránaí clúiteach as ceantar na n-oileáin i gConamara ach atá ina chónaí i mBostún Máirín Uí Chéide iarbhuaiteoir Chorn Uí Riada, fear na lúibíní Ray Mac Mánais a bhfuil aithne mhaith air mar scríbhneoir den scoth agus tá obair déanta aige le RTÉ agus an BBC, John P. Kelly, an t-amhránaí agus an gníomhaire Gaeilge i mBostún Michael Newell fear de bhunadh Ros Muc i gConamara i gContae na Gailimhe ó dhúchas.

Ina gcuideachta beidh Máirín Nic Dhonnchadha, Riarthóir Ealaíne, Oireachtas na Gaeilge agus Loretta Ní Churraighín ó Oireachtas na Gaeilge.
Cruthófar atmaisféar breá Gaelach le himeachtaí amhail féastaí, drámaí, seoladh leabhar, seisiúin cheoil, club na féile, céilithe agus is cinnte go mbeidh scoth na gceoltóirí agus na ndamhsóirí Éireannacha atá lonnaithe i gCeanada i láthair.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin Oireachtas Cheanada. www.oireachtas.ca.

Reáchtálfar an chuid is mó de na hócáidí i nGaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir (Erinsville/Tamworth, Ontario), agus in Óstán Days Inn, Dún Laoghaire (Kingston), Ontario

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 21 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Scéimeanna traenála á gcur ar fáil ag an gCiste Craoltóireachta Gaeilge

Ros na Rún ar thóir réalta teilifíse úra

Bewley’s @ 6 Ciarán Ó Gealbháin and Dónal Clancy

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>