Ar an Déardaoin 23 Bealtaine in Ionad Workman’s Club beidh oíche mhór litríochta ar siúl dar teideal ‘La Nuit et ma Femme: Jack Kerouac sa tóir ar theanga agus ar fhéiniúlacht’.
Mar chuid d’imeachtaí na hoíche, seolfar cnuasach, ‘Sioc Maidin / Morning Frost’, an chuid is fearr de dhánta haiku Kerouac agus iad foilsithe den chéad uair i nGaeilge ag 7.00i.n.
Chuir Gabriel Rosenstock Gaeilge ar an gcnuasach seo agus tá ardmholadh faighte ag an bhfile ó Kerouac féin.
Níos déanaí san oíche, beidh aistriúcháin de chuid Gabriel Rosenstock agus Gearóid Mac Lochlainn ar shaothar Jack Kerouoc á léamh. Beidh snagcheol tobchumtha ag The Dirty Jazz Band agus íomhánna ar scáileán cruthaithe ag Margaret Lonergan mar thionlacan leis an seó.
Is é Liam Carson, stiúrthóir IMRAM, Féile Litríochta na Gaeilge, a chruthaigh an tionscadal seo. Cuirfear tús leis an ócáid ag 8.30i.n. agus tá costas€ 10 / €8 ar thicéid.
Tuilleadh eolais: www.dublinwritersfestival.com
© Foilsithe ar Gaelport.com 23 Bealtaine 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Oireachtas Cheanada le ceiliúradh den tríú bliain as a chéile
Fleadh Cheoil rathúil do Ghaeltacht Mhúscraí
Ard-cheiliúradh déanta ar na meáin Ghaeilge ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge