Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Saothar Jack Kerouac mar ábhar ionspráide ag Féile Scríbhneoireachta Átha Cliath

$
0
0
Tá Féile Scríbhneoirí Átha Cliath á reáchtáil faoi láthair le neart imeachtaí cultúrtha beartaithedon chuid eile den tseachtain.

Ar an Déardaoin 23 Bealtaine in Ionad Workman’s Club beidh oíche mhór litríochta ar siúl dar teideal ‘La Nuit et ma Femme: Jack Kerouac sa tóir ar theanga agus ar fhéiniúlacht’.

Mar chuid d’imeachtaí na hoíche, seolfar cnuasach,  ‘Sioc Maidin / Morning Frost’, an chuid is fearr de dhánta haiku Kerouac agus iad foilsithe den chéad uair i nGaeilge ag 7.00i.n.

Chuir Gabriel Rosenstock Gaeilge ar an gcnuasach seo agus tá ardmholadh faighte ag an bhfile ó Kerouac féin.

Níos déanaí san oíche, beidh aistriúcháin de chuid Gabriel Rosenstock agus Gearóid Mac Lochlainn ar shaothar Jack Kerouoc á léamh. Beidh snagcheol tobchumtha ag The Dirty Jazz Band agus íomhánna ar scáileán cruthaithe ag Margaret Lonergan mar thionlacan leis an seó.

Is é Liam Carson, stiúrthóir IMRAM, Féile Litríochta na Gaeilge, a chruthaigh an tionscadal seo. Cuirfear tús leis an ócáid ag 8.30i.n. agus tá costas€ 10 / €8 ar thicéid.

Tuilleadh eolais: www.dublinwritersfestival.com


© Foilsithe ar Gaelport.com 23 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Oireachtas Cheanada le ceiliúradh den tríú bliain as a chéile


Fleadh Cheoil rathúil do Ghaeltacht Mhúscraí


Ard-cheiliúradh déanta ar na meáin Ghaeilge ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais


Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>