Ar an Aoine seo caite, 24 Bealtaine, i mBaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, chuir an tAire Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta, Jimmy Deenihan, T.D. fáilte roimh an chéad ghrúpa de Bhuaiteoirí na nDámhachtainí Samhraidh Gaeltachta.
Tugann na dámhachtainí seo atá curtha ar fáil ag Coimisiún Fulbright le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta, deis do mhic léinn Meiriceánacha teacht chun na Gaeltachta le páirt a ghlacadh i gcúrsaí Gaeilge i rith an tsamhraidh.
Is fada an taisteal a bheidh le déanamh ag na mic léinn go dtí na hionaid sna ceantair Ghaeltachta an samhradh seo, ina measc, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, an Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe; An Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe; Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí. Beidh idir choícís agus mí le caitheamh acu sna ceantair éagsúla.
Ag labhairt ag bronnadh na ndámhachtainí, dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan:
“Tionscnamh nuálach agus fiúntach iad na Dámhachtainí Samhraidh Gaeltachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun tairiscint turasóireachta cultúrtha inbhuanaithe a chruthú. Tá an-tábhacht ag baint leo chun naisc idir Éire agus na Stáit Aontaithe a chruthú chomh maith le spéis agus tuiscint ar theanga agus cultúr uathúil na hÉireann a mhairfidh ar feadh an tsaoil. Tá an-áthas orm céad míle fáilte a chur roimh an 30 buaiteoir a bheidh linn an samhradh seo.”
Tionscnamh ar leith de chuid Choimisiún Fulbright na hÉireann – na Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil is ea í scéim na nDámhachtainí Samhraidh Gaeltachta a chuireann deontais ar fáil le costais theagaisc agus lóistín le haghaidh rogha cúrsa in Éirinn amháin.
Ag an bhfáiltiú i mBaile an Fheirtéaraigh dúirt Colleen Dube, Stiúrthóir Choimisiún Fulbright na hÉireann – na Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil:
“Tugann scéim na nDámhachtainí Samhraidh Gaeltachta taithí tumoideachais in oidhreacht shaibhir na hÉireann nach bhfuil a sárú le fáil do shaoránaigh de chuid na Stát Aontaithe. Ní amháin go gcuireann na cúrsaí foghlaim teanga ar fáil, cuirtear turais, ceol traidisiúnta na hÉireann agus scéalaíocht ar fáil i gcuid de na láithreacha is mealltaí in Éirinn.
Tá tuilleadh eolais ar na dámhachtainí seo agus ar Choimisiún Fulbright na hÉireann ar fáil ag www.fulbright.ie
© Foilsithe ar Gaelport.com 27 Bealtaine 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Saothar Jack Kerouac mar ábhar ionspráide ag Féile Scríbhneoireachta Átha Cliath
EU4Schools ag forbairt scileanna saoránachta, cruthaitheachta agus eolas ar an Aontas Eorpach
As Na Nuachtáin: Rathkeale journalist wins award
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge