Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Féile Colm Cille sa Ghleann

$
0
0
Reáchtálfar féile ag ceiliúradh oidhreacht Naomh Colm Cille i nGleann Cholm Cille i nDún na nGall ón Aoine, 31 Bealtaine go dtí 2 Meitheamh 2013.

Beidh oscailt oifigiúil na féile ar súil ar an Aoine 31 Bealtaine. Tar éis na hoscailte tabharfaidh an craoltóir aitheanta, Aodhán Ó hEadhra, léacht dátheangach ar na naisc idir Dún na nGall agus garbhchríocha na hAlban agus ina dhiaidh sin beidh ceol Gaelach le cloisteáil i dTeach Roarty i lár an bhaile. 


I measc na n-imeachtaí ar an Satharn agus Domhnach beidh ranganna i nGàidhlig na hAlban le hAindreas Wollf de chuid BBC Alba atá ina theagascóir sa chóras teagaisc Ulpan. Chomh maith leis sin, seolfaidh an tOllamh Seosamh Watson leabhar nua ‘The Atlantic Gael – Links between Donegal and the Hebrides’ le hAodhán Ó hEadhra.

Óiche Shathairn, beidh amhránaíocht na hÉireann agus na hAlban leis an amhránaí cáilúil Nóilín Ní Cholla agus leanfar sin le hoíche cheoil traidisiúnta.

Ar an Domhnach beidh go leor imeachtaí eile ar siúl, cosúil le turas gearr Cholm Chille, turas go dtí an Clachán, an baile tuaithe cáiliúil atá ina phríomhchuid de shaothar beatha an Athar Shéamais Mhic Dhaidhir, chomh maith le siúlóidí ar Shléibhte Thír Chonaill.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Oideas Gael: oideasgael@eircom.net nó trí ghlaoch ar 074 97 30248.

© Foilsithe ar Gaelport.com 30 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Dámhachtainí Samhraidh Gaeltachta bronnta ar 30 Saoránach Meiriceánach

Comórtas Peile na Gaeltachta

Dianchúrsaí an tsamhraidh

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>