Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Katyn a thiocfaidh tú abhaile?

$
0
0

‘Katyn a thiocfaidh tú abhaile?’ an t-ainm atá ar an seó is nuaí ó Aisteoirí Bulfin, a bheidh á chur i láthair ar 13, 14 agus 15 Meitheamh ag an gcumann drámaíochta i mBaile Átha Cliath.

Tá cáil ar Aisteoirí Bulfin mar an ngrúpa is beoga agus is buaine i mbun na drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath ó a bunaíodh iad níos mó na daichead bliain ó shin. Beidh Theatre@36, Club na Múinteoirí, Cearnóg Parnell mar ionad an tseó, agus cuirfidh ‘Thar Teorainn’, seó filíochta agus ceoil tús leis an oíche ag 8i.n.. Tar éis na filíochta, cuirfear tús leis an dráma cumhachtach ‘Herody Katyn’ le Seán Ó Broin.

Is iad teorainneacha príomhthéama na hoíche idir ‘Thar Teorainn’ agus ‘Herody Katyn’. Is cuid lárnach den saol iad teorainneacha, agus taispeánann ‘Thar Teorainn’, trí fhilíocht agus trí cheol, an chaoi ina théann siad i bhfeidhm ar dhaoine i ngach aon ghné den saol.

Beidh coincheap na dteorainneacha faoi chaibidil arís in ‘Herody Katyn’, idir theorainneacha teibí agus theorainneacha fisiceacha le linn an dara cogadh domhanda. Tagann coincheap na dteorainneacha chun cinn go príomha i gcás mór-eachtra amháin ón gcogadh, Sléacht Katyn.

Cuireadh na mílte oifigeach Polannach chun báis i bhforaois Katyn sa bhliain 1940; agus feictear iarracht na gcarachtar chun fáil réidh le Sléacht Katyn óna gcuimhne. Tugtar léiriú dúinn ar an mbealach ina mbíonn sé níos éasca uaireanta leanúint le bréag in ionad na fírinne a insint. Taispeánfar teorainn idir dhá chultúr, an teorainn idir an fhírinne agus an bhréag, an teorainn idir an seanmhodh agus an modh nua.

Tar éis duais scríbhneoireachta ag an bhFéile Drámaíochta i gCeatharlach a bhuachan dá dhráma ‘Herody Katyn’ i Mí Márta, beidh an scríbhneoir Seán Ó Broin, in éineacht le léiritheoirí an tseó Fidelma Ní Ghallchobhair agus Méabh Ní Loingsigh ag súil le slua mór ag an léiriú seo.

Tá ticéid ar fáil ar €12, le lascaine do mhic léinn agus do dhaoine ar phinsin. Is féidir áirithintí a dhéanamh trí ríomhphost a chuir chuig aisteoiribulfin@gmail.com agus beidh ticéid ar fáil ag an doras chomh maith.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 30 Bealtaine 2013
 
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
 
Féile Colm Cille sa Ghleann

Cearta craoltóireachta rugbaí go heisiach ag TG4 do Mhí Meitheamh

As Na Nuachtáin: East by South-west — they’re learning Chinese in Dingle!
 
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945