Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An dlúthdhiosca ‘Jean’s Hill’ le buachan

$
0
0
An tseachtain seo, beimid ag tabhairt deis iontach do dhuine cóip den dlúthdhiosca Jean’s Hill leis an bhfliúiteadóir aitheanta Brendan Mulholland a bhuachan.

Is i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál in iarthar Bhéal Feirste a seoladh an dlúthdhiosca os cionn bliana ó shin.

Is as Lann Abhaigh i gCo. Aontroma don cheoltóir iomráiteach Brendan Mulholland. Tá clú agus cáil ar Bhreandán mar fhliúiteadóir den scoth agus is minic a bhíonn sé ar stáitse in ionaid éagsúla timpeall na tíre agus níos faide i gcéin. Tá sé ina bhall den ghrúpa ceoil Craobh Rua. Seo é an chéad albam aonair atá déanta ag Brendan le meascán iontach d’fhoinn éagsúla.

Ceist na seachtaine seo:

Cad as don cheoltóir Brendan Mulholland?

• Co. Fear Manach       
• Co. Thír Eoghain
• Co. Aontroma          
• Co. Dhún na nGall                  

Seol an freagra agus d’ainm chuig an seoladh ríomhphoist: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 12 Meitheamh 2013 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Comhghairdeas le Alan Hudson sna Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhuaigh duais an eagráin seo caite.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 4 Meitheamh 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg

Campaí samhraidh trí Ghaeilge

Féile Ealaíne An Earagail 2013

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>