Le linn na féile, gheobhaidh tú deis cultúr, oidhreacht agus teanga na nGael a shú isteach in iar-Bhreac Ghaeltacht, An Caisleán Nua, ag bun na sléibhte le léachtaí, amhráin ar an sean-nós, siúlóidí oidhreachta, ceol, Tai-Chi agus turas rothaíochta.
Tá an Éigse seo ag ceiliúradh trí bliana ar an bhfód i mbliana. Ar Aoine 28 Meitheamh cuirfidh Mattie McGrath TD fáilte roimh an bpobal agus ansin leanfar leis an oscailt oifigiúil le Pádraig Ó Macháin.
Le linn an deireadh seachtaine déanfar ceiliúradh ar bheirt chainteoir dúchais Gaeilge arbh as an gceantar iad, Liam Uí Lúbaigh agus Séamas Ó Maolchathaigh.
Ar an Satharn beidh siúlóid oidhreachta á reáchtáil i gcuimhne ar Shéamas Ó Maolchathaigh ag bun Chnoc Mhaoldonn, an ceantar ar fhás Séamas anuas ann.
Ar an Domhnach déanfar plaic a nochtadh i gcuimhne Liam Uí Lúbaigh agus beidh turas rothaíochta agus picnic ar siúl a mbeidh fáilte roimh chách freastal air ach a gcuid bia a thabhairt leo.
Ar an Satharn beidh seisiún den scoth dar teideal ‘Ag Díriú ar Stór Amhráin’ leis an amhránaí agus an léachtóir Ciarán Gealbháin as Gaeltacht na Rinne, anuas air seo beidh ceolchoirm na hÉigse le Cór fear na nDéise. Beidh dhá Aifreann á cheiliúradh sa cheantar chomh maith.
Tá clár iomlán na hÉigse ar fáil anseo.
Tuilleadh eolais: Helen Mhic Craith helenmcgrath57@gmail.com
© Foilsithe ar Gaelport.com 4 Meitheamh 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
An dlúthdhiosca ‘Jean’s Hill’ le buachan
Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge