Is iad na coimisinéirí a leanas atá mar bhaill den Chumann Idirnáisiúnta agus a labhair le linn na comhdhála coicís ó shin: Graham Fraser, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla, Ceanada; Rafael Ribó Ombudsman na Catalóinise; Mxolisi Zwane Príomhfheidhmeannach, Bord Teanga na hAfraice Theas; Meri Huws Coimisinéir Teanga na Breataine Bige; Malin Brännkärr Comhairleoir speisialta ar chearta teanga, Roinn Dlí agus Cirt na Fionlainne; Michel Carrier Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla, New Brunswick; Seán Ó Cuirreáin An Coimisinéir Teanga, Éire; François Boileau Coimisinéir do Sheirbhísí Fraincise, Ontario; Sandra Inutiq An Coimisinéir Teanga, Nunavut agus Slavisa Mladenovic Coimisinéir Teanga na Cosaive.
Thángthas ar an gcinneadh seo le linn an chruinnithe a reáchtáladh leis na coimisinéirí teanga ar fad, faoi chathaoirleacht an Aire Pär Stenbäck ón bhFionlainn i ndiaidh imeachtaí poiblí an lae. Pléadh na téamaí ar fad a ardaíodh le linn na comhdhála agus a d’achoimrigh an Dr. Colin Williams. Tá miontuairiscí an chruinnithe le faomhadh go fóill.
Toghadh Graham Fraser mar chathaoirleach ar an gcumann d’aon ghuth agus reáchtálfar an chéad chruinniú eile de chuid an Chumainn ar líne i gceann míosa. Fógrófar aidhmeanna agus spriocanna na comhdhála i ndiaidh an chruinnithe sin.
Tá an-tábhacht ag baint le cumann den sórt seo sa tslí go dtugann sé deis d’ionadaithe ar fud an domhain teagmháil rialta a dhéanamh lena chéile chun gur féidir bogadh i dtreo straitéisí éifeachtúla a chur i bhfeidhm ó thaobh chosaint mhionteangacha de. Chomh maith leis sin beifear in ann na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir chleachtais teanga i dtíortha eile a chur i gcomparáid lena chéile ar bhealach ceart, cuimsitheach amach anseo.
Is féidir breathnú ar thuairisciú de chuid Gaelport.com le linn imeachtaí poiblí na Comhdhála ar 24 Bealtaine 2013 thíos:
© Foilsithe ar Gaelport.com 4 Meitheamh 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg
Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta
Ceisteanna Dála don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge