Chuir an Comhchoiste fáilte roimh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta (ESG) le cur síos a dhéanamh ar chás na scoileanna Gaeltachta agus a bhfuil i ndán dóibh mar thoradh ar chiorraithe cáinaisnéise an Rialtais.
Aithníodh an tréimhse dhúshlánach ina bhfuil scoileanna uile na tíre ag feidhmiú i láthair na huaire le linn an chruinnithe ach tarraingíodh aird an Choiste ar riachtanais ar leith na scoileanna Gaeltachta i dtaobh chur cinn na Gaeilge, caighdeán Gaeilge na múinteoirí, seirbhísí tacaíochta, acmhainní agus eile.
Tá 4% de scoileanna na tíre lonnaithe i gceantair Ghaeltachta agus as na scoileanna sin, tá 78% ina bhfuil foireann de cheathrar nó níos lú ann.
Bhíodh cóimheas níos fabhraí i scoileanna Gaeltachta a thug aitheantas do na deacrachtaí ar leith a bhain le bheith ag múineadh sa Ghaeltacht, agus is líon 76 gasúr a bhí de dhíth do scoil cheithre mhúinteora. Ach toisc ciorruithe a chuirfear i bhfeidhm i scoileanna ar fud na tíre sna míonna romhainn, beidh 83 ag teastáil ar an rolla acu le bheith incháilithe don cheathrú múinteoir. Ardófar an líon seo go dtí 86 páiste faoin mbliain 2014, rud a fhágfaidh go mbeidh ar scoileanna Gaeltachta ardú de dheichniúr páiste a bhaint amach chun an líon reatha de mhúinteoirí a choinneáil.
Meabhraíodh don Choiste go bhfuil dualgais reachtúla ar Rialtas na hÉireann i dtaobh chaomhnú na gaelscolaíochta agus teanga i gceantair Ghaeltachta faoin Acht Oideachais 1998 agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Maíodh gur gá na trí moltaí a leanas a chur i bhfeidhm leis na dualgais de réir na reachtaíochta a chomhlíonadh:
• Beartais cáinaisnéise i leith chóimheas daltaí le múinteoir a aistarraingt;
• Polasaí oideachais Gaeltachta a fheidhmiú ar bhonn práinne;
• Údarás nua don oideachas Gaeltachta a bhunú (moladh go dtabharfaí ról an údaráis don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)).
Dúirt ionadaithe ón Roinn Oideachais a bhí i láthair ag an gcruinniú den Chomhchoiste go raibh scoileanna uile na tíre ag fulaingt de bharr chúrsaí eacnamaíochta reatha agus nach féidir eisceacht a dhéanamh de scoileanna Gaeltachta. Tuairiscíodh go gcuirfear tús le hathbhreithniú ar an gcóras oideachais trí Ghaeilge sa Ghaeltacht roimh dheireadh na bliana agus go bhfuiltear ag súil le torthaí an athbhreithnithe ar luach na scoileanna beaga go luath freisin.
Cé gur fháiltigh ESG roimh athbhreithniú na Roinne, b’ábhar aiféala é don eagraíocht nár rinneadh aon athbhreithniú sular cuireadh na ciorruithe i bhfeidhm. Thacaigh baill an Choiste leis an tuairim gur chás ar leith atá sna scoileanna Gaeltachta agus nach féidir an Roinn Oideachais cur chuige ‘one cap fits all’ a thógáil sa chás seo. Tá i gceist ag an gComhchoiste scríobh chuig an Aire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn le tacaíocht a léiriú do mholtaí ESG amach anseo.
© Foilsithe ar Gaelport.com 4 Meitheamh 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga bunaithe
Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta
Aighneachtaí á lorg: An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge