Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta ag ullmhú an dara scéim teanga

$
0
0
Tá An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta ag lorg tuairimí ón bpobal i láthair na huaire maidir leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil dá custaiméirí trí mheán na Gaeilge.

Cuireann An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta fáilte roimh aighneachtaí maidir le hullmhú an dara dréacht-scéim teanga ó aon pháirtithe leasmhara.

Is féidir aighneachtaí a sheoladh go leictreonach chuig gaeilge@djei.ie.

In a mhalairt de chás, is féidir iad a sheoladh chuig:
An t-Aonad Seirbhísí Gnó (S. 14)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
23 Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2

Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí a bheith faighte ná: 5.00 i.n. Dé hAoine, 28 Meitheamh 2013

Is féidir an chéad scéim teanga de chuid na Roinne a fháil ag www.coimisineir.ie.


Aighneachtaí

Is cabhair mhór do na comhlachtaí poiblí iad na haighneachtaí on bpobal.  Is féidir leis na comhaltaí poiblí mianta an phobail i leith na seirbhísí a theastaíonn uatha a mheas ón aschur a fhaigheann siad. Is féidir díriú ar chíbe seirbhís ón gcomhlacht poiblí sna haighneachtaí lena n-áirítear:

• Cumas Dátheangaigh Reatha an chomhlachta poiblí
• Tairiscint ghníomhach agus cothú éilimh
• Polasaí Earcaíochta agus Socrúcháin an chomhlachta poiblí - Im-fhálú ar phoist
• Rochtain ar cháipéisíocht / foirmeacha iarratais
• Comharthaíocht agus feiceálacht na Gaeilge ar an láthair oibre
• Cruinnithe Poiblí
• Riachtanais teanga sa Ghaeltacht
• Láithreán Gréasáin
• Córas Measúnaithe ar bhaint amach na spriocanna sa scéim
• Monatóireacht agus tuairisciú ar dhul chun cinn
• Poiblíocht ar an Scéim Comhaontaithe.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 4 Meitheamh 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Cás na Scoileanna Gaeltachta: Tá tráth na cinniúna buailte linn

Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga bunaithe

Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945