Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Athbhreithniú na Roinne Oideachais: An Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta

$
0
0
Tabharfaidh an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi athbhreithniú ar sholáthar oideachais trí Ghaeilge sna scoileanna Gaeltachta sna míonna romhainn.

Dúirt Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais, Seán Ó Foghlú, agus é ag caint ag Comhdháil na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite, “tá a fhios againn ón taighde go bhfuil líon na bpáistí ag freastal ar scoileanna Gaeltachta le Gaeilge ón mbaile nó fiú le Gaeilge líofa ag teacht ar scoil ag titim”. 

“Ceann de na dúshláin is mó atá ag múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta ná plé le héagsúlacht chumais labhartha Gaeilge na scoláirí.  Dúshlán eile is ea méid na scoileanna agus dearcadh éagsúil tuismitheoirí i leith na Gaeilge agus an oideachais trí Ghaeilge” a dúirt sé.

Is céim mhór chun tosaigh é an t-athbhreithniú i dtaobh dul i ngleic le fadhbanna an chórais reatha sna scoileanna Gaeltachta.  Dúshlán suntasach is ea an soláthar d’ardchaighdeán oideachais trí Ghaeilge d’údaráis na scoileanna Gaeltachta go háirithe i láthair na huaire agus an baol leanúnach a bhfuil ann go ndúnfar na scoileanna is lú mar chuid de chóras chostchiorrú an Rialtais. Dar leis an Ard-Rúnaí is é cuspóir an athbhreithnithe seo ná “roghanna éagsúla a aithint maidir le hoideachas trí Ghaeilge a sholáthar a bheidh ag teacht le riachtanais na bpobal Gaeltachta agus le riachtanais phleanála na gceantar Gaeltachta de réir Acht na Gaeltachta 2012”.

Dúradh go bhfuil téarmaí tagartha don athbhreithniú curtha in áit agus go bhfuil i gceist próiseas chomhairliúcháin a reáchtáil ina mbeidh baint shuntasach ag páirtithe leasmhara uile an hearnála. Cuirfear tús leis an bpróiseas go luath agus táthar ag súil go dtiocfaidh an taighde chun críche faoi lár 2014.

Mórphlean na Roinne
Is gné ollmhór amháin é an t-athbhreithniú seo de mhórphlean na Roinne Oideachais i dtaobh chúrsaí gaelscolaíochta na tíre agus cás na Gaeilge ina hiomláine.  Dar leis an Ard-Rúnaí, tiocfaidh curaclam nua comhtháite teanga i bhfeidhm sa bhunleibhéal faoi dheireadh 2014 agus beidh béim ar leith ar scileanna labhartha sa siollabas nua a chuirfear in áit ag an meánleibhéal. 

Anuas air sin, tá beartaithe go gcuirfear tús le hathbhreithniú i réimsí éagsúla den chóras reatha roimh dheireadh na bliana, ina measc athbhreithniú ar scrúdú cainte Ardteist na Gaeilge a reáchtálfaidh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus córas bhronnadh na ndíolúintí ón nGaeilge, a bhfuil ag dul i méid i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna ar fud na tíre.

Tiomantas don Ghaeilge
Ag caint ag an gComhdháil a rinne ceiliúradh ar éachtaí COGG san earnáil gaeloideachais le 10 mbliana anuas, dúirt an tArd-Rúnaí go bhfuil “dualgas orainn san earnáil oideachais a chinntiú go mbeidh dóthain daoine ann le cumas sa Ghaeilge chun freastal ar riachtanais Ghaeilge i réimsí oibre éagsúla, mar shampla sa dlí, sna meáin, san aistriúchán agus dár ndóigh, san oideachas”.

Dúirt Ó Foghlú go bhfuil “dul chun cinn ach go háirithe déanta maidir le trí mhórghné- curaclam, measúnacht agus oideachas múinteoirí. Tá beartais maidir leis na trí ghné seo ag dul ar aghaidh taobh le cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta”. 

Tugadh le fios go bhfuil tuairisc ar bheartais na Roinne Oideachais i leith chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge go dtí seo, curtha faoi bhráid na Roinne Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta agus go bhfoilseofar an tuairisc sin go luath.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 4 Meitheamh 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta ag ullmhú an dara scéim teanga

Cás na Scoileanna Gaeltachta: Tá tráth na cinniúna buailte linn

Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga bunaithe

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>