Bhí an t-ádh leis na foirne ó Dhún na nGall ag Comórtas Peile na Gaeltachta i mbliana le Gaoth Dobhair ag crochadh Chorn an Aire.
I sraith na sóisear bhí an bua ag Gael Fhanada ar Oileán Árainn agus bhuail Gaoth Dobhair ar mhná Naomh Abán.
Bhuail Gaoth Dobhair an fhoireann áitiúil, An Rinn ó Chontae Phort Láirge, sa chraobh ceannais. Is é seo é an t-ochtú huair as a chéile a d’éirigh le Gaoth Dobhair Corn an Aire a chrochadh.
Bhí Gaoth Dobhair an-láidir agus ag leath-am bhíodar chun tosaigh le scór de 0-10 Gaoth Dobhair, 0-3 An Rinn. Fuair Gaoth Dobhair cúl sa dara leath agus chríochnaigh an cluiche le Gaoth Dobhair 1-16 agus An Rinn 0-7.
Bhí foireann Dhún na Gall, Gael Fhanada ar an bpáirc in aghaidh Oileán Árainn sa chluiche ceannais i sraith na sóisear. Cluiche iontach bríomhar a bhí ann, le hOiléan Árainn ag féachaint níos láidre ag leath-am le scór 1-7 ag Oiléan Árainn agus 0-2 ag Gael Fhanada. Lean coimhlint an-ghéar idir na foirne sa dara leath agus ag deireadh an chluiche bhí na foirne ar chomhscór ach thug Gael Fhanada na cosa leo in am breise agus chríochnaigh an cluiche ar scór de 3-10 Gael Fhanada , 1-11 Oiléan Árainn.
Ba iad mná an Tearmainn a chroch leo corn na mban don cheathrú bliain as a chéile le bua ar mhná Cill Chomáin i gcraobh shinsir Peil na mBan. Bhí coimhlint an-ghéar idir na foirne i gcluiche sóisear na mban agus ar deireadh bhuail Gaoth Dobhair ar mhná Naomh Abán le scór deiridh de 2-13 ag Gaoth Dobhair, 3-09 ag Naomh Abhán.
Le linn an deireadh seachtaine bhí réimse leathan imeachtaí eagraithe an an gCumann Peile áitiúil. Bhí ceolchoirm ar Déardaoin le Liam Clancy agus neart ceoltóirí eile. Ar an Domhnach ainmníodh Deirdre Nic Dhonnchadha (Clann na nGael) mar Chailín Gaelach 2013.
Bhí tuairiscí beo le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta ar na cluichí ar fad chomh maith le blaiseadh den spóirt agus an spraoi a bhaineann leis an bhféile. Thaispeáin TG4 cluichí an Domhnach agus an cluiche ceannais.
Tháinig foirne Gaeltachta ó gach aon chearn den tír, ó Cho. Dhún nan Gall, Co. Maigh Eo, Co. na Gaillimhe, Co. Chiarraí, Co. Chorcaí, Có. Na Mí chomh maith le foirne ó Bhaile Átha Cliath agus Bhéal Féirste.
Ba é seo an triú huair ag an gcomórtas seo a bheith i Rinn Ua gCuanach ó bunaíodh an comórtas i 1969 agus is léir go bhfuil fás ag teacht air ó bhliain go bliain.
© Foilsithe ar Gaelport.com 5 Meitheamh 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Gaoth Dobhair ina seaimpíní arís ag Féile na Peile sa Rinn
Bainigí taitneamh as bhúr CLG, a mholann uachtarán do pháistí Mhúscraí
Caid é sin? Comórtas peile
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge
Bainigí taitneamh as bhúr CLG, a mholann uachtarán do pháistí Mhúscraí
Caid é sin? Comórtas peile
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge