Tá cáil ar Mhanchán Magan mar scríbhneoir ilchineálach agus mar dhéantóir chláir teilifíse agus tá ábhar scríofa aige ar an iliomad de théamaí, go háirithe ar chúrsaí taistil. Rinne sé a chuid smaointeoireachta i dtaobh taistil chun na hAifrice, na hIndia agus go Meiriceá a ríomh sna saothair Angels & Rabies (Brandon, 2006) agus Truck Fever (Brandon, 2008). Tá dhá úrscéal scríofa aige freisin: Oddballs, a novel of affection (Brandon, 2010) agus Bí i nGrá (Coiscéim).
Chomh maith lena chuid saothar scríbhneoireachta, is iomaí clár faisnéise atá léirithe aige do TG4, RTÉ agus Travel Channel. Aithneofar Magan mar láithreoir ar an tsraith No Béarla do TG4 inar nochtadh staid na Gaeilge i measc phobail éagsúla sa tír. Go luath ina dhiaidh sin, thug an clár ionspráid don scríbhneoir na drámaí dátheangacha Broken Croí/Heart Briste agus Bás Tongue a chur faoi.
Mar mhaithe le tús a chur lena ról nua, tabharfaidh Manchán léamh poiblí dátheangach saor in aisce dá shaothar ar Dé Máirt, 11 Meitheamh ar 7 i.n. i Leabharlann Bhéal an Átha.
Tá traidisiún láidir de scríbhneoirí cónaithe cothaithe ag Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo thar na blianta le leithéidí Ré Ó Laighléis, Máire Holmes, Nuala Ní Dhomhnaill, Biddy Jenkinson & Eoghan Mac Giolla Bhríde.
Is féidir tuilleadh eolais ar an gcónaitheacht a fháil trí theagmháil a dhéanamh le hOifig Ealaíona Mhaigh Eo ar 094-9024444 folíne 7558 nó mayoarts@mayococo.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com 6 Meitheamh 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Corn an Aire ag fanacht i dTír Chónaill arís
An dlúthdhiosca ‘Jean’s Hill’ le buachan
Féile Ealaíne An Earagail 2013
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge