Is baile fíor-stairiúil é Ceanannas Mór, ó scríobhadh Leabhar Cheanannais ann beagnach míle bliain ó shin.
Cuirfear tús leis an gcéad chaibidil eile de stair an bhaile chlúitigh ag deireadh na míosa seo nuair a bheidh sé mar lárionad litríochta don Fhéile Idirnáisiúnta Hay 2013.
Is é ‘Samhlaidh an domhan’ téama na bliana seo don fhéile a mhairfidh ó 28 go 30 Meitheamh.
Dar le Lyndy Cooke, Stiúrthóir na féile, ní bheadh áit ar bith in Éirinn níos oiriúnaí d’fhéile den chineál seo:
“Tá Ceanannas Mór lán de stair agus traidisiún mar áit bhreithe agus baile spioradálta Leabhar Cheanannais agus is baile iontach é le haghaidh cóisire. Tá lúcháir orainn a bheith ag obair le páirtnéirí anseo atá chomh cairdiúil agus flaithiúil.”
Pléifear chuile ghné den litríocht do gach aoisghrúpa le linn na féile ina mbeidh níos mó ná 50 ócáid ar siúl. Beidh caint ar Leabhar Cheanannais ón Dr Bernard Meehan, Coláiste na Trionóide agus plé ar ‘Shakespeare’s Lovers’ de chuid Germaine Greer ar Aoine 28ú Meitheamh.
Ar an Satharn beidh ceardlann dhátheangach Haiku á reáchtáil ag an bhfile cáiliúil Gabriel Rosenstock, caint ar scríbhneoireacht taistil le Manchán Magan agus labhróidh údar “A thig ná tit orm”, Maidhc Dainín Ó Sé faoin saothar is déanaí dá chuid “Punt Isló”, agus an cháil atá bainte amach aige go dtí seo. Tá clár iomlán na féile ar fáil anseo.
Beidh RTÉ Raidió 1 ag craoladh beo ón bhféile, le leithéidí Joe Duffy agus Seán Rocks ag cur na scríbhneoirí John Banville agus DBC Pierre faoi agallamh thar an deireadh seachtaine.
Seolfar Féile Hay Cheanannais go hoifigiúil in The Long Room, Coláiste na Tríonóide, ar 19 Meitheamh. Sheol Sinéad Cusack Féile Hay go hidirnáisiúnta ar 2 Meitheamh sa Bhreatain Bheag.
Ó bunaíodh Féile Hay sa Bhreatain Bheag sa bhliain 1988, cuirtear cúig féile déag ar siúl gach bliain, san Eoraip, san Aifric, san Áis, i Meiriceá Theas agus sa Mheánoirthear.
Tá tuilleadh eolais maidir leis an bhféile ar fáil ag www.hayfestival.com, ó christinemonk@eircom.net agus tá ticéid ar fáil ó boxoffice@hayfestival.org
© Foilsithe ar Gaelport.com 6 Meitheamh 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Manchán Magan roghnaithe mar scríbhneoir cónaitheach Chomhairle Contae Mhaigh Eo
Féile Ealaíne An Earagail 2013
An dlúthdhiosca ‘Jean’s Hill’ le buachan
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge