Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Féile Ealaíona agus Cultúrtha na Seanbheairice

$
0
0
Beidh Féile na Sean Bheairice ar súil i bhFál Carrach i gCarrach i gCó. Dhún na Gall ón 27 – 30 Meitheamh 2013.

Tá an fhéile ealaíona agus cultúrtha seo ag ceiliúradh ár gcultúr dúchasach, cultúr Chloich Cheann Fhaola go h-áirithe, ach le blas idirnáisiúnta.
Ta clár lán d’imeachtaí eagraithe don fhéile le ceol, sean-nós, scannáin, drámaíocht, scéalaíocht, amhránaíocht, taispeántais, siúlóidí agus go leor rudaí eile.

Cuirfear tús le himeachtaí na féile oíche Déardaoin, 27 Meitheamh, nuair a dhéanfaidh Edel Ní Chuireáin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, oscailt oifigiúil san Auditorium. Beidh taispeántais fhísealaíona éagsúla ann mar aon le bronnadh na ngradam do na comórtais ghrianghrafadóireachta agus ealaíona.
Beidh an comhlacht náisiúnta drámaíochta FÍBÍN i láthair chun léiriúchán ‘An Rón Dall’ a chur i láthair agus leanfar le ceol agus siamsaíocht i ndiaidh an léiriúcháin.

Dé hAoine, 28 Meitheamh, beidh scoth na gceoltóirí agus na n-amránaithe bailithe i gcaifé sa tSeanbheairic ó 1.00i.n. Níos déanaí beidh ceolchoirm clasaiceach le hOrsolya Szabó-Yélamo ón Ungáir ar veidhlín, agus Víctor Yélamo ón Spáinn ar an dordveidhil.
Anuas air seo, beidh oíche mhór d’fhilíocht agus de cheol i dteannta le filí agus le hamhránaithe tréitheacha san Auditorium ó 9.00 i.n.

Ar an Satharn, 29 Meitheamh, beidh ceardlanna amhránaíochta ar an sean-nós do pháistí idir 6 agus 12 bliain d’aois mar aon le scéalaíocht le Gearóidín Bhreathnach.
Níos déanaí, beidh ceardlanna ar dhamhsa ar an sean-nós á reáchtáil leis an damhsóir cáiliúil Seosamh Ó Neachtain. Chomh maith leis sin, beidh comórtas damhsa ar an sean-nós ar siúl agus bronnfar Corn na Sean Bheairice ar an mbuaiteoir.

Ar an Domhnach, 30 Meitheamh, beidh siúlóid sléibhe ar siúl ar Chnoc na Leargach ag tosú ag 11.30r.n. Níos déanaí sa lá, ag 4.00i.n, beidh siúlóid stairiúil ar an bhFál Carrach ag tosú ag an tSeanbheairic.
Sa tráthnóna, léireofar scannán Rotha Mór an tSaoil, clár faisnéise bunaithe ar dhírbheatháisnéis Mhicí Mhic Gabhann.

Tá an comórtas amhránaíochta ar an sean-nós i gcuimhne ar an amhránaí agus an ceoltóir iomráiteach, Éamonn Ghráinne Mac Ruairí (Oileán Thoraí & an Fhál Carrach), athraithe go dtí an Domhnach ar 8.00i.n. sa tSeanbheairic ar an bhFál Carrach.
Tar éis an chomórtais amhránaíochta glacfaidh an Falcarragh Folk Choir, Éist agus Patsy Dan agus a chairde páirt sa Cheolchoirm Mhór agus Céilí.

Tá clár d’imeachtaí na féile ar fáil ar: www.antseanbheairic.com. Is féidir teagmháil a dhéanamh le lucht eagraithe na féile trí ríomhphost a sheoladh chuig: falcarraghvisitorcentre@gmail.com nó trí glaoch a chur ar: 074 9180888 nó 074 9180655.

© Foilsithe ar Gaelport.com 7 Meitheamh 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas

‘Imagine the world’ at Kells Hay Festival

Campa Riabhach - Irish language summer camp

Irish language classes at Conradh na Gaeilge

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>