Beidh Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag reáchtáil cúrsa i nGaeilge agus na hEalaíona ón 8 – 13 Iúil 2013.
Mar aon le scileanna ealaíona a fhorbairt, beidh deis ag rannpháirtithe páirt a ghlacadh i ranganna comhrá as Gaeilge.
Beidh an cúrsa ar siúl i Tig Áine ar an nGráig ag tosú ar 09:30 gach maidin. Beidh ranganna comhrá meánleibhéil Gaeilge d’fhoghlaimeoirí ar siúl gach maidin chun faobhar na filíochta agus na samhlaíochta a fhorbairt faoi stiúir Mháire Uí Scanláin.
Tar éis lóin beidh imeachtaí éagsúla ar siúl amhail seisúin ghriangrafadóíreachta, siúlóídí, péintéireacht agus turais ar Chonair Ealaíne Chorca Dhuibhne.
Ta costas €240 ar an gcúrsa. Is féidir liosta de thithe lóistín sa cheantar a íoslódáil ó shuíomh idirlín Oidhreacht Chorca Dhuibhne, www.oidhreacht.ie.
Is deis iontach é seo d’fhoghlaimeoirí Gaeilge deireadh seachtaine a chaitheamh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus an teanga a fhoghlaim ar bhealach spraíúil taitneamhach.
Más mian leat áit a chur in áirithe nó tuilleadh eolais a fháil faoin gcúrsa is féidir teagmháil a dhéanamh le h Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag 066 9156100 nó eolas@cfcd.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com 7 Meitheamh 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas
Féile Ealaíona agus Cultúrtha na Seanbheairice
Examiners on trend with music and fashion
Holding court on Inis Móir gives a glimpse of island life and the balancing act of the law
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge